Ní fada go marófar duine ar an bpáirc imeartha

Le cúpla mí níl seachtain nach dtagann scéala faoi achrann de chineál éigin ar pháirc imeartha CLG. Ós rud é go bhfuil na meáin shóisialta againn, is minic go mbíonn físeáin den troid á roinnt, agus mar sin, ní féidir é a shéanadh níos mó go bhfuil fadhb sa gcultúr. 

Cá stopfaidh muid? Tá an méid atá ag tarlú ag éirí níos measa agus maireann cuid de na cathanna níos faide ná babhta dornálaíochta i bhfáinne. Cloisim daoine ag gearán faoin droch-chlú atá na físeáin seo ag tarraingt ar CLG, ach imíonn an drochscéal nuachta le sruth tar éis cúpla lá. Ní imíonn an dochar inchinne ná drochbhail ar cholainn.

Tá faitíos orm nach fada uainn an lá go dtí go gcloisfidh muid go bhfuil duine éigin maraithe ar pháirc imeartha. Tá cloiste againn faoi chásanna tragóideacha taobh amuigh de chlubanna oíche ina mbuailtear snaidhm amháin ar fhear óg, agus maraítear é. Níl ann ach greim a fháil air san áit mhícheart agus tá deireadh leis. Tá an baol níos airde ar an bpáirc imeartha mar tá na fir seo aclaí agus láidir tar éis blianta a chaitheamh i mbun traenála. 

Níl na daoine a théann ag na cluichí gan locht ach oiread. Ní gá ach breathnú ar na físeáin ar feadh cúpla soicind chun sin a thuiscint. Nó breathnaigh ar an bpictiúr de Shean Cavanagh agus an bhail a bhí air tar éis an bualadh a fuair sé. Nuair a thosaíonn an réabadh, tosaíonn an lucht féachana atá ag an gcluiche á ngríosadh. Samhlaigh cén chaoi a mothódh tú dá leagfá duine éigin amach mar gheall ar achrann ‘fearúlachta’ ar an bpáirc imeartha. 

Ansin, samhlaigh cén chaoi a mbeadh sé dá mbeadh tú ag taifead an ‘chraic’ agus ansin gur thug tú faoi deara nach raibh an t-imreoir ag éirí. Samhlaigh cóma, drochghortú inchinne, nó an bás? 

I gcaitheamh an tsamhraidh, tá níos mó drochphoiblíochta faighte ag an CLG mar gheall ar fhoréigean ná na healaíona comhraic measctha, seachas ar ndóigh, an méid a thit amach le Conor McGregor i Las Vegas le deireanas. Ó tharla sé sin, tá glór na ndaoine atá ag iarraidh na healaíona seo a chosc go hiomlán, éirithe níos airde agus tá siad ag fáil cluais éisteachta ó na húdaráis. 

Tá sé an-bharúil go deo go bhfuil troideanna ag tarlú ag spórt nach bhfuil mórán spóirt i gceist leis, ach tá an chaoi go nglactar le troid le linn imeachtaí CLG os comhair an phobail, barúil amach is amach. 

Tá na troideanna seo ag tarlú gach deireadh seachtaine gan mórán pionóis. Ach níl mórán cloiste againn ó dhaoine atá ag iarraidh cosc a chur ar chluichí Gaelacha. Bheadh uafás an tsaoil ar dhaoine dá mbeadh na físeáin seo ag teacht ón sacar, nó ón rugbaí. Is cosúil go gcaithfidh fear éigin filleadh ar an mbaile i gcónra tar éis cluiche craoibhe sula mbeidh muid dáiríre faoin gceist.

SCÉALTA EILE