Ní féidir imreoirí a chur faoi agallamh

Idir imeachtaí na Féile Pádraig agus éachtaí rugbaí na hÉireann, b’fhéidir nár thug tú faoi deara gur sheol iar-imreoir rugbaí suíomh gréasáin nua. The Players Chronicle atá air, agus tá iar-chaiptín na hÉireann Jamie Heaslip bainteach leis. Deirtear gur ó lámh nó ó bhéal imreoirí agus lúthchleasaithe a bheidh chuile fhocal ar an suíomh seo, agus nach mbeidh aon scagadh ag teacht idir iad agus an méid atá le rá acu.

Tá an méid eagraíochtaí atá ag cur a gcuid ábhar féin ar fáil ag dul i méid agus go minic is maith sin. Tugann na meáin shóisialta ardán do mhionspóirt iad féin a léiriú agus tá sé sin in ann tacaíocht agus urraíocht a mhealladh dóibh. Tá Basketball Ireland an-mhaith aige. Tá i bhfad níos mó eolais anois againn faoi réaltaí cispheile na hÉireann dá bharr, mar nach raibh na príomhfhoinsí nuachta ag déanamh aon tráchtaireacht orthu.

Aisteach go leor, ó thosaigh daoine ag tabhairt suntais dóibh ar líne, is mó anois a fheictear díobh sna nuachtáin, agus a chloistear fúthu ar an raidió. Ach ar an lámh eile, is féidir mí-úsáid a bhaint as seo chun bolscaireacht a dhéanamh, agus chun iriseoirí agus a gcuid ceisteanna pianmhara a sheachaint.

Tá nós tosaithe ag bainisteoirí agus imreoirí áirithe diúltú labhairt le meáin éagsúla mura ‘dtaitníonn’ a gcuid iriseoireachta leo. Tá nós eile anois ann go ndiúltaítear d’agallaimh ach go ndéantar fógra ar a gcuid ardán féin, gan ceisteanna, gan aon phlé ag cur isteach ar a gcuid teachtaireachtaí.

Rud a chuir imní ormsa ná an méid daoine a thug freagraí nimhneacha d’iriseoirí a cheistigh an t-údar a bhí ag Jim Gavin nó Joe Schmidt diúltú labhairt leis na meáin ag amanta éagsúla. Port Donald Trump a bhí á sheinm ag go leor acu, ag cur i leith iriseoirí cumasacha gur bréaga a bhíodar a fhoilsiú, nó nach bhféadfaí aon mhuinín a bheith ag daoine astu.

Bhí easpa mhór tuisceana ann faoin ról atá ag iriseoirí chun scagadh a dhéanamh ar son an phobail agus gan glacadh le bolscaireacht. Maidir le The Players Chronicle, is léir gur céim eile é seo sa treo ina mbeidh smacht iomlán ag imreoirí ar an méid a fhoilsítear. Samhlaigh Leo Varadkar, fear eile a bhíonn an-ghnóthach ar na meáin shóisialta, ag diúltú aon agallamh a dhéanamh agus gan tada le cloisteáil uaidh ach an méid a thograíonn sé féin.

Tuigim go bhfuil difríocht ann idir ról an Taoisigh agus imreoir rugbaí, ach tá na caighdeáin chéanna iriseoireachta tuilte ag an bpobal rugbaí agus atá ag an bpobal vótála. Dá ndéarfá deich mbliana ó shin go gcreidfeadh na milliúin bréaga seachas fíor-iriseoireacht ó fhoinsí cuimsitheacha, bheadh muid ag rá go raibh daoine níos cliste ná sin.

Ó shin, tá Trump sa Teach Bán agus tá na Sasanaigh ag iomrascáil leis an Aontas Eorpach. Tá muid tagtha ag an lá nach féidir roinnt imreoirí i nach mór chuile spórt a chur faoi agallamh mura bhfuil urraíocht de chineál éigin i gceist.

Má thosnaíonn suíomh gréasáin mar seo ag bailiú nirt, táimid ag brath go dtuigfidh an pobal nach mbeidh an pictiúr iomlán acu. Ní dóigh liom go bhfuil an tuiscint sin ann fós.

SCÉALTA EILE