D’imir foireann Phoblacht na hÉireann cluiche dúshláin in aghaidh na Stát Aontaithe an tseachtain seo caite agus b’fhéidir gur thug tú suntas go raibh dathanna na brataí bogha báistí ar a gcuid uimhreacha. Dúirt an FAI go raibh sin déanta acu le seasamh le daoine LADT+ agus gur chloígh sé le polasaithe UEFA maidir le cúrsaí comhionannais.
Ar ndóigh, bhí roinnt sa mbaile ar chuir a leithéid de rud isteach go mór orthu, agus cá eile a ndeachaigh siad ach ag Twitter chun na dathanna a cháineadh? Tá fhios ag go leor de na daoine a cháin na dathanna, nach féidir a rá go hoscailte nach maith leo go bhfeicfí go mbeadh an rud is ansa leo féin, sacar, ag tacú le nóisin LADT+. An t-údar a bhí acu mar sin, chun cuir ina aghaidh ná nár cheart go mbeadh úsáid á bhaint as na geansaithe chun ‘ráitis pholaitíochta’ a dhéanamh.
In 2015, bhí Éire ar an gcéad tír ar chaith an pobal vóta chun cearta comhionannais phósta a thabhairt do lánúineacha LADT+. Léiríonn dearcadh na ndaoine a chuir in aghaidh an gheansaí gur amhlaidh go bhfuil ‘cearta’ comhionannais againn, ach ní bí aerach ós a gcomhair, agus ná cuir ag machnamh iad faoi cheisteanna ár sochaí agus iad ag iarraidh breathnú ar an sacar.
Ní h-aon ráiteas polaitíochta é seasamh le cearta comhionannais atá daingnithe sa reachtaíocht cheana féin, ach ráiteas é atá daonna, agus b’fhéidir cabhrach don té atá fanta i bhfolach.
I 1986, bunaíodh Cluichí Oilimpeacha do dhaoine atá aerach, agus sa Lúnasa rachaidh suas le 100 lúthchleasaí ón tír seo go Páras chun ionadaíocht a dhéanamh orainn. Cuireadh tús leis na cluichí chun go mbeadh lúthchleasaithe aeracha níos feiceálaí i gcúrsaí spóirt. Tá sé ráite ag foireann na hÉireann go bhfuil easpa eiseamláirí spóirt ag daoine LADT+, sa sacar ach go háirithe.
Ag an am chéanna, tá ardú ag teacht ar an líon daoine óga atá sásta a rá go h-oscailte go bhfuil siad aerach. Bliain tar éis an reifrinn comhionannais pósta, rinne an eagraíocht BeLongG To suirbhé a léirigh go raibh aithne ag ós cionn leath de na daoine óga a labhair siad leo, ar dhuine éigin eile a tharraing misnigh ón reifreann agus ó dhaoine aitheanta, agus dá réir, bhí siad in ann “a theacht amach as an gcófra”.
Thaispeáin an daonáireamh a rinneadh an bhliain sin freisin go raibh ós cionn 6,000 lánúin aonghnéis sa tír. Meastar, nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis an méid daoine LADT+ sa ngnáthdhaonra, go bhfuil easnamh de 20% den phobal seo ag plé le cúrsaí spóirt. Sé sin, tá siad ann i ngan fhios dúinn, a gcuid pearsantachta coinnithe i bhfolach acu, nó tá siad fanta glan uilig air, mar go mothaíonn siad nach bhfuil aon fháilte rompu.
Léiríonn sin go bhfuil stiogma fós ann do dhaoine atá aerach a bheith páirteach sa spóirt. Diabhal dochar i ndathanna na bogha báistí. Go deimhin, ba cheart i bhfad níos mó a dhéanamh chun a chinntiú nach bhfuil céatadán mór den phobal fágtha ar lár.