‘Ní leor caipín amháin le dul i dtaithí ar éilimh an rugbaí idirnáisiúnta’

Go dtí seo i gComórtas Sé Naisiún na mBan, níl ach trí chluiche imeartha agus tá tríocha imreoir tar éis imirt d’Éirinn. Ainmníodh tri dhuine is fiche don chéad chluiche (ar ndóigh). Tháinig seisear imreoirí nua isteach don dara cluiche, agus tháinig imreoir amháin isteach don tríú cluiche. As na himreoirí uilig, níor thosaigh ach ochtar gach aon chluiche: Djougang, Jones, Fryday, Monaghan, Wall, Behan, Dalton, agus Doyle. As an ochtar sin, níor thosaigh ach seachtar gach cluiche san áit chéanna; d’athraigh Djougang go dtí an taobh eile den chlibirt tar éis an chéad chluiche.

Cé go bhfuil an argóint ann go bhfuil an fhoireann bainistíochta ag iarraidh doimhneacht a chruthú san fhoireann, is é an taithí an rud is tábhachtaí. Bhí Vicky Irwin ar an mbinse don chéad chluiche in aghaidh na Breataine Bige. Sa dara chluiche (in aghaidh na Fraince) thosaigh sí i lár na páirce den chéad uair riamh. Bhí sí ar ais ar an mbinse arís don tríú cluiche. Cé go raibh bainisteoir na foirne sásta í a thosú i lár na páirce den chéad uair riamh in aghaidh ceann de na foirne is fearr ar domhan, níor thosaigh sí ann an tseachtain ina dhiaidh sin. Dá mbeadh Enya Breen aclaí, is léir go mbeadh sí ag imirt ag uimhir a 12, ach tar éis trí chluiche tá trí chomhpháirtíochtaí difriúla feicthe againn i lár na páirce.

Is é an scéal céanna é maidir leis na leathchúlaithe clibirte. Thosaigh Scuffil-McCabe agus Cronin an chéad chluiche. Thosaigh Scuffil-McCabe agus O’Brien an dara cluiche (níor imir Cronin sa chluiche sin in aon chor mar gheall ar ghortú, ach ainmníodh í ar an mbinse roimh an gcluiche). Agus thosaigh Hughes agus O’Brien an tríú cluiche. Trí chomhpháirtíocht dhifriúla as trí chluiche.

Teastaíonn taithí ó imreoirí, cinnte, ach ní fhaigheann imreoirí taithí imeartha ó chluiche amháin. Is iontach an rud é caipín a fháil don fhoireann náisiúnta, cinnte. Ach teastaíonn níos mó ná cluiche amháin chun dul i dtaithí ar na héilimh go léir a bhaineann leis an rugbaí idirnáisiúnta. Thosaigh fiche imreoir a chéad chluiche d’Éirinn le bliain anuas i naoi gcluiche. Níl tú ag cruthú doimhneachta ná taithí ansin; teastaíonn i bhfad níos mó ná cluiche amháin chun é sin a dhéanamh. Teastaíonn níos mó ná deich gcluiche, fiú.

Caithfidh tú dul i dtaithí ar nósanna na n-imreoirí eile freisin. Má n-aithníonn tú céard a dhéanann imreoir éigin agus í faoi bhrú, beidh tú in ann cúnamh a thabhairt don imreoir sin ar an bpointe boise. Mura bhfuil an taithí sin agat uirthi, tógann sé tamall ort céard atá ag tarlú a athint agus, ag an leibhéal is airde, is é cúrsaí am an rud is tábhachtaí.

Ag druidim i dtreo an chluiche in aghaidh Shasana, ní bheidh mórán ama ag Éirinn, san ionsaí ná sa chosaint. Beidh orthu seilbh na liathróide a choinneáil ach, fiú ansin, níor chruthaigh siad mórán bearnaí sna trí chluiche go dtí seo: níl ach dhá úd scóráilte acu agus bronnadh ceann acu siúd orthu mar gheall ar chlibirt mhídhleathach na hIodáile. Caithfidh siad déanamh cinnte nach n-éiríonn siad róchaol sa chosaint ach an oiread. Tharla sé arís agus arís eile in aghaidh na hIodáile agus beidh Sasana in ann Éire a chur faoi i bhfad níos mó brú ná hiadsan agus an spás sin a aimsiú i bhfad níos tapúla.

Tá súil agam go mbeidh leanúnachas agus taithí le feiceáil san fhoireann a roghnófar don chluiche sin.

SCÉALTA EILE