Tá oifig na haimsire gnóthach le seachtain ag cur fainic orainn gan tine a lasadh amuigh faoin aer sa teas seo ar fhaitíos go gcothódh splanc beag dó mór. Faraor, ní dheachaigh an scéala sin chomh fada le lucht riaracháin CLG agus in áit loscadh a sheachaint, caitheadh peitreal air.
Le blianta beaga, tá go leor de ‘ghnáthdaoine’ an chumainn ag mothú go bhfuil dearmad á dhéanamh orthu agus go bhfuil an eagraíocht dírithe ar airgead agus ar na boic mhóra. Tá sé éasca é sin a rá nuair atá fios againn gur shaothraigh siad €65m anuraidh. Tá an bhearna idir lucht Pháirc an Chrócaigh agus an pobal ag dul i méid ar chúiseanna éagsúla, ón míchothromaíocht atá idir na contaetha, an margadh a rinneadh le Sky Sports agus anois an dul chun cinn atá dhéanamh ag Baile Átha Cliath.
Tá an dearcadh ann anois gur tábhachtaí airgead ná na baill. Ní inniu ná inné a mhothaigh contae éigin gur caitheadh caite in áit na leathphingine iad, ach den chéad uair sheas duine éigin an fód, agus chothaigh sin tacaíocht forleathan ó na daoine a chonaic an deis an dá mhéar a thabhairt don saoiste.
Go deimhin, tháinig an tacaíocht sin in ainneoin go raibh cúiseanna an-mhaith ann an cluiche a imirt in áit éigin eile. Níor ceistíodh mórán ar chor ar bith cén fáth go raibh an Droichead Nua fágtha chomh lag mar ionad i gcontae a bhfuil daonra mór ann mar é. Níor ceistíodh ach oiread cá raibh lucht tacaíochta Chill Dara i mbliana agus a bhfoireann ag streachailt sa tsraith agus sa gcraobh. Níor luadh 2012, nuair a roghnaigh siad cluiche cáilithe baile in aghaidh Luimneach a imirt áit éigin eile, agus ó shin, d’imir siad roinnt cluichí sraithe baile i bPáirc an Chrócaigh.
Ní raibh aon chluiche craoibhe de chuid Chúige Laighean ar an Droichead Nua ó 1995, rud a shílfeá nár ghoill mórán ar an mbord ansin, ná ar a lucht tacaíochta. Ní nach ionadh gur ceapadh, is dóigh, go mbeadh Cill Dara sásta go maith bualadh suas an N7 go Baile Átha Cliath.
Bhí an cluiche á bhogadh mar gheall ar an líon daoine a théann ag cluichí Mhaigh Eo. Mar sin féin, níl aon neart ag Cian O’Neill Chill Dara ar sin, agus tá cluiche baile tuilte ag a fhoireann atá tar éis samhradh dúshlánach a chuir díobh. Chomh maith leis sin, má bhí caighdeán na páirce le cur san áireamh agus CLG ag déanamh cinneadh faoi cár cheart an cluiche a imirt, ba cheart é sin a bheith ráite ón tús acu.
Cé go bhfuil an cath seo thart, níl an cogadh, ná baol air. Tá an coiste a shocraíonn cluichí gonta ag an gconspóid. Anois, tá fios gur féidir iad a chuir ar mhalairt slí. Nuair a tugadh chun cinn an coincheap nua chun grúpaí a thabhairt isteach sa gcraobhchomórtas, ‘díoladh’ é leis an margadh go mbeadh cluiche baile ag gach contae. Ach cé chomh praiticiúil a bheidh sé sin agus staideanna mar Páirc Naomh Conlaith fós againn?