Níos mó bainte amach ag Williams ná Federer

Tá sé beagnach seachtain anois ó bhuaigh Roger Federer agus Caroline Wozniacki ag Craobhchomórtas Oscailte Leadóige na hAstráile. A céad Slam ag Wozniacki, an fichiú ceann ag Federer. De réir na hirise Forbes, is fiú $64 milliún Roger Federer, agus $27 milliún Serena Williams, níos lú ná leath luach fhear na hEilbhéise, in ainneoin go bhfuil 23 mórtheideal aici. Caithfear a rá mar sin nach bhfuil an luach céanna á chur ar éachtaí Williams agus atá ar obair Federer.

Féachtar ar an leadóg mar spórt a bhfuil ag éirí go maith léi ó thaobh cothromaíocht inscne de. Nuair a bhreathnaítear go grinn ar an scéal, tá sé soiléir go bhfuil mná fós in áit na leathphingine. Léiríonn taighde go ndéantar cur síos an-difriúil go deo ar fhir ná mar a dhéantar ar mhná sa spóirt. Fiú i ngan fhios dóibh féin, díríonn tráchtairí ar mhothúcháin na mban, agus ar an gcaoi a mbreathnaíonn siad. Más ag caint ar na fir a bhíonn siad, bíonn siad ag trácht ar a láidreacht nó ar a gcumas imeartha.

Agus muid ag féachaint ar na cluichí, tá an steiréitíopáil sin á sú isteach inár meon féin, ag cruthú dearcadh nach bhfuil mná chomh maith ag an spórt agus atá fir. Is cuimhin liom, agus mé i mbun staidéir le haghaidh máistreachta cúpla bliain ó shin, go raibh orainn anailís iomlán a dhéanamh ar an tráchtaireacht le linn chluichí ceannais Chraobhchomórtas Oscailte Leadóige na hAstráile in 2016, an bhliain a ghnóthaigh Novak Djokovic agus Angelique Kerber na coirn.

Scríobh muid chuile fhocal beo a dúradh i rith na gcraolachán (441 nóiméad teilifíse!), agus rinne muid iad a scagadh go mion. Má chlis ar an bhfear, ‘botún’ a bhí ann. Má chlis ar an mbean, ‘easpa láidreachta’ ba chúis leis. Pléadh fisiciúlacht na bhfear, ach mothúcháin na mban. Rinneadh tagairt do na fir lena gcuid sloinnte, ‘Djokovic’ agus ‘Murray’, ach ‘Serena’ nó ‘Angelique’, agus go deimhin ‘Angie’, a tugadh ar na mná.

Deir síceolaithe spóirt go léiríonn sé sin nach bhfuil an meas céanna á léiriú ar na lúthchleasaithe ban. Bhí na tráchtairí a thrí oiread níos dearfaí faoi scileanna luaile Murray agus Djokovic, i gcomparáid leis an méid a dúradh faoi Kerber agus Williams. Luadh taicticí a dhá oiread níos mó le linn chluichí na bhfear, a thabharfadh le fios nach bhfuil na mná chomh héirimiúil leis na fir agus iad ag imirt an chluiche.

Cinnte, níl anseo ach anailís a rinneadh ar ócáid amháin in 2016, ach taispeántar patrún ann atá mall ag athrú. Ní sa leadóg amháin atá seo amhlaidh. Thaispeáin Cambridge University Press nuair a rinne siad anailís ar raon leathan spóirt gur dhírigh na meáin ar an gcaoi ar bhreathnaigh na mná, a saol pearsanta agus an t-éadach a bhí orthu, ach ar scileanna spóirt na bhfear.

Mar sin, an chéad uair eile a fhéachann tú ar aon spórt, éist go grinn lena bhfuil á rá, agus cuimhnigh, cé go bhfuil i bhfad níos mó bainte amach ag Serena Williams agus í bliain níos óige ná mar atá Roger Federer, níl a cuid pócaí, ar a sciorta álainn faiseanta, leath chomh lán.

SCÉALTA EILE