Ó Loch Lao go Loch Lurgan — dúshlán reatha na Laochra

Beidh imreoirí Laochra Loch Lao ag tabhairt faoi dhúshlán reatha 350km, an fad atá idir Spórtlann na hÉireann i mBéal Feirste agus Spórtlann Naomh Anna i Leitir Mór. Ba i Leitir Mór a bhí Comórtas Peile na Gaeltachta ceaptha a bheith ar siúl ag tús na míosa seo chugainn ach cuireadh an comórtas ar ceal mar gheall ar an víreas corónach. 

Bheartaigh foireann na mban gan an deireadh seachtaine a scaoileadh tharstu agus an deis a thapú airgead a thiomsú do charthanas i mBéal Feirste.

Beidh na himreoirí agus baill eile ag rith i gcaitheamh an deireadh seachtaine, 29 Bealtaine – 1 Meitheamh, ag súil acu an 350km a rith mar fhoireann. Beidh na baill éagsúla ag rith nó ag siúl méid áirithe ciliméadar ar feadh an deireadh seachtaine. Nuair a bheidh an t-aicsean déanta, beidh an t-achar idir an dá spórtlann clúdaithe acu agus gan ladhar ligthe thar theorainn na cathrach acu. 

leathanach GoFundMe cruthaithe ag an bhfoireann don ócáid agus rachaidh an t-airgead a bhaileofar ann chuig an Whiterock Children’s Centre, eagraíocht a chabhraíonn le teaghlaigh agus le páistí sa cheantar. 

SCÉALTA EILE