D’fhógair TG4 ar maidin go gcraolfar cluichí agus buaicphointí ón gcéad séasúr eile de Shraith Pheil Astrálach na mBan gach seachtain ón deireadh seachtaine seo chugainn (30 Eanáir) amach. Cuirfear tús leis an gclúdach ar TG4 ag 17.10 ar an lá sin. M
14 foireann, as gach cearn den Astráil, a bheidh sa chomórtas a bheidh ar siúl ar feadh trí mhí agus an cluiche ceannais le himirt ar an 17 Aibreán. Craolfar na cluichí i ndiaidh a n-imeartha gach deireadh seachtaine chomh maith le buaicphointí na seachtaine.
Beidh 14 Éireannach ag imirt sa tsraith in 2021 – imreoirí as Maigh Eo, Baile Átha Cliath, Tiobraid Árann, an Clár, Liatroim, Corcaigh, agus an Cabhán ina measc.
“Táimid mórtasach as craoladh an AFLW a leathnú go hÉirinn agus is fógra suntasach é do Pheil na hÁstráile go háirithe mar gheall ar an tionchar atá ag peileadóirí na hÉireann ar Chomórtas NAB ALF na mBan. Tá 14 imreoir de chuid na hÉireann ar liostaí AFLW faoi láthair agus is iontach an scéal é go mbeidh a dteaghlaigh agus a gcairde in ann a bheith ag breathnú orthu i mbun imeartha an séasúr seo,” a dúirt Nicole Livingstone, atá i gceannas ar an eagraíocht a riarann Peil Astrálach na mBan, an AFLW.
Craolfar cluiche amháin ina iomlán gach deireadh seachtaine ag 17.10 ar TG4 agus beidh buaicphointí ó na cluichí eile á gcraoladh an Luan i ndiaidh a n-imeartha ag 20.00. Naoi mbabhta ar fad a bheidh sa tsraith go deireadh mhí an Mhárta, beidh na cluichí ceannais dícháiliúcháin ar siúl i mí Aibreáin, agus an cluiche ceannais ar an 17 Aibreán.
Tá fás mór tagtha ar Pheil Astrálach na mBan le blianta beaga anuas agus líon an bhfoirne a ghlacann páirt sa chomórtas sraithe méadaithe ó ocht bhfoireann in 2017 go 14 foireann i mbliana.