Le fada an lá tá traidisiún ann go dtugann cúpla bean álainn póg don rothaí buach ag deireadh rása, ar nós an Tour de France nó an Giro d’Italia.
Tá coiste curtha ar bun anois áfach ag an tríú rás rothaíochta is mó san Eoraip, an Vuelta a España, chun breithiúnas a thabhairt ar cé acu an bhfuil nós seo na bpóg gnéasaíoch nó nach bhfuil.
Tá feachtas ar siúl ag grúpaí feimineacha sa Spáinn chun stop a chur leis an chleachtas, iad ag rá go ndéanann sé a bheag de mhná agus dá ról sa spórt.
Cé go raibh cuma na héiginnteachta ar an chaint a thug Javier Guillén, ceannaire Unipublic a reáchtálann La Vuelta, ar an athbhreithniú go dtí seo, tá sé ionann is cinnte go mbeidh athruithe le feiceáil ar an phóidiam nuair a thosaíonn an rás ar 19 Lúnasa.
Sa rás rothaíochta an Tour Down Under san Astráil i mí Eanáir cinneadh gan mainicíní mná a chur ar ardán den chéad uair riamh agus i rás náisiúnta na Catalóine i mbliana úsáideadh lúthchleasaithe óga, gléasta ina n-éadaí spóirt, chun na duaiseanna a bhronnadh.
Tá an nós póg a fháil ó mhainicíní á cheistiú taobh istigh den spórt chomh maith leis an rothaí clúiteach Bascach, Mikel Landa ó fhoireann Sky, ina measc siúd a labhair amach faoina mhí-oiriúnacht le déanaí.
Cad é bhur mbarúil féin a Nósadóirí, an bhfuil an cleachtas gnéasaíoch nó gan dochar? Abair linn anseo thíos, ar Facebook nó ar Twitter.