Rap Gaeilge ar son McGregor


Ceithre mhí glan ón lá inniu, ar 12 Nollaig, tabharfaidh Conor McGregor aghaidh (agus an dá chos is dócha) ar José Aldo i dtroid mhór teidil UFC.

Cuireadh an comhrac idir an bheirt churadh ar athló ag tús na míosa seo caite mar gheall ar ghortú easna a bhain don Bhrasaíleach ach tá dáta socraithe anois don MGM Grand Garden Arena i Las Vegas SAM.

Tá lucht tacaíochta McGregor ag fás i gcónaí, sa bhaile agus thar sáile, agus anois tá amhrán scríofa ag leantóir dá chuid a bheas mar spreagadh ag an Duibhlinneach agus é ag ullmhú don choimhlint is mó ina shaol troda.

“Rí Rá Ruaille Buail É” is ainm don rian rap atá scríofa ag Séamus Ó Seamróg, fear a oibríonn go dlúth ar ndóigh leis an dineasár is clúití sa domhan Gaelach, T-Rex Ó Saurus.

Teachtaireacht lom d’Aldo é an t-amhrán le liricí mar “A haon, a dó, a haon, dó, trí, Aldo beidh tú sínte ar an talamh i do luí” agus “A cúig, a sé, a seacht, a hocht, tá tú ag dul síos anocht”.

Beidh le feiceáil an dtiocfaidh an tuar sin faoin tairngeacht ach is cinnte go bhfuiltear ag cur le stóras ceoil na nGael ar Youtube i rith an ama!

SCÉALTA EILE