Réaltaí spóirt Éireannacha a thrasnaigh teorainneacha

Tá clú agus cáil ar na Gaeil mar eisimircigh go mór agus go fada, ach níl rath tuillte againn i ndomhan an tsacair dhomhanda fós. Teoranta don chuid is mó ar feadh ár stair shacair, tá imreoirí óga Éireannacha anois ag tabhairt cúl le Sasana agus le hAlbain tar éis an Bhreatimeachta agus ag féachtain níos faide amach go dtí an Fhrainc, an Iodáil, agus an Ghearmáin.

Ní ceannródaithe iad áfach. Tá an rogha déanta ag dream beag Éireannach dul taobh thall de theorainneacha na hEorpa, agus tá an turas déanta ag roinnt acu go dtí áiteanna i bhfad i gcéin go deimhin. Gan cluichí de chuid na foirne náisiúnta le dhá mhí anuas, d’fhéach mé ar ais ar na cinn scríbe is fánaí agus is fiontraí inar féidir leat imreoirí Éireannacha a aimsiú.

Roy O’Donovan

Tosóimid leis an tosaí Roy O’Donovan, a d’éirigh ina imreoir mór le rá le Club Sacair Duli Pengiran Muda Mahkota (DPMM) i mBrúiné in 2014. Bhuaigh O’Donovan an corn sraithe san Áise Thoir Theas agus ainmníodh é mar imreoir an chomórtais, ag críochnú an tséasúir le 26 cúl. 

Faraor, níor cuireadh le seal O’Donovan ar feadh don dara séasúr. Tháinig fearg ar an Rídhamhna nuair a chonaic sé grianghraf ag taispeáint, mar dhea, an Corcaíoch ag síniú le Sabah ón Mhalaeisia. Ar an drochuair, bhí sé ina chathaoirleach ar an gcumann agus chuir sé a thairiscint conartha ar ceal.

Jimmy Mwanga

Iomaitheoir láidir é Jimmy Mwanga i measc an luchta seo. Sínithe leis an Acadamh Nike in Clairefontaine, níl an méid sin ratha bainte amach aige sa chuid eile dá ghairm. Tar éis dhá bhliain a chaitheamh in Ollscoil Florida, d’imir an fear ó Leamhcán ar an dá thaobh den teorainn Chipireach, ag fulaingt i mbothóg inaistrithe “do-áitrithe”. 

Tá níos mó taitnimh bainte as a ghairm aige le déanaí, ag dul ó shluaite 20 daoine san Ostair go dtí iarratais sínithe in Qingdao na Síne.

Eric Molloy

In achar dhá bhliain, chuaigh Eric Molloy óna bheith ag obair i monarcha sheacláide Cheatharlaigh le bheith ag dul in iomaíocht taobh le Real Madrid sa Chorn Domhanda. Tar éis craobh na chéad roinne a bhuachan le Loch Garman, ghlac Molloy le tairiscint ó iar-bhainisteoir dá chuid chun imirt le Southern United in Dunedin sa Nua-Shéalainn. 

Thug an t-aistriú go dtí Team Wellington FC rath dúbailte leis, ag buachan na craoibhe sraithe chomh maith le caithréim i Sraith na gCuradh OFC i gcoinne Lautoka ó Fhídsí.

Hilary Carlyle

Conair ghairme neamhghnách í Bealach Féich go Las Vegas, ach sin é conair an fhir as Doire, Hilary Carlyle. Ní raibh sé i Meiriceá ach cúpla mí sula raibh a áit ar an fhoireann i mbaol, le Eusébio ina thosaí iomaíoch i gCathair na bPeacaí. 

Cuimhnítear air mar gheall ar ghrianghraf a tógadh in 1977, ina scarann sé óna chéile an laoch Portaingéalach agus Pelé i rith gráscair idir Vegas agus Nua-Eabhrac. Tar éis cuairt go dtí Caesars Palace, chuaigh Carlyle go Honolulu chun sult a bhaint as séasúr proifisiúnta amháin le Team Hawaii.

Clyde O’Connell

Ní féidir liom an t-alt seo a scríobh gan moladh a thabhairt don Luimníoch Clyde O’Connell. D’imir an leathchúlaí láir i sraitheanna na hÁise Thoir Theas, ag tosú lena aistriú ó Treaty United go dtí an Chambóid in 2021. Tugadh ar iasacht do Laos é ina dhiaidh sin, agus thug scabhtaí sa chóras Téalannach níos iomráití a thaispeántas faoi deara.

Roimh a aistriú is déanaí go Bairéin, ba é O’Connell ceann de na réaltaí sa tsraith Théalannach, ag buachan imreoir na míosa agus ag glacadh le ról ciceanna pionóis a thógáil ón gcosaint.

Eoin Hand

Ainm níos inaitheanta do chluasa Gaelacha é Eoin Hand. Téann a chaidreamh leis an Afraic Theas siar go dtí a chéad chluiche in 1973 i bPort Elizabeth. I gceartlár na cinedheighilte, rinne Hand agóid i gcoinne chathaoirleach na Arcadia Shepherds nuair a d’iarr sé ar Vincent Julius, an t-aon imreoir ar fear gorm é, dinnéar ceiliúrtha a fhágáil.

D’eagraigh sé baghcat ar an ócáid le cúpla imreoir eile. Cé gur tháinig sé slán as ionsaithe agus piléir i rith a sheala, chríochnaigh a ghairm bainistíochta in Durban nuair thimpeallaigh 40 Súlúch é, ag bagairt go maróidís é mura n-éireodh sé as an bpost.

Caleb Folan

In 2014 chuaigh an Gaillimheach Caleb Folan i Maenmar láir. Ba mhór an difear idir sin agus ardú céime a bhuachan don Phríomhshraith agus bualadh le Barack Obama i rith tréimhse in Colorado. Tús aistir sacair é, ag tosú leis an bhfoireann Bhurmach Kanbawza. 

Tar éis séasúr rathúil, thaistil Folan go dtí an Téalainn, Ceanada, agus La Réunion ar lorg poist. I ndiaidh tamaill ar Oileán na Tríonóide, d’éirigh sé as a bheith ag imirt chun díriú ar ghairm i dteiripe spóirt.

Michael Reddy

Tá sé deacair a chruthú cá mhéad de ghairm Michael Reddy atá ina mhiotas. Téann eolas i laghad tar éis don fhear as Cill Chainnigh Grimsby a fhágáil in 2007, cé go gcomhdhearbhaíonn go leor foinsí gur bhog sé ansin go dtí FC Malamuk in Uummannaq, faoin tuath sa Ghraonlainn. 

Tá cuma áiféiseach ar an scéal gur bhuail an iar-réaltóg Sunderland le bean as na hOileáin Fháclainne ag féile éisc áitiúil agus gur bhog sé go Port Stanley Albion. Mar sin féin, b’fhéidir go raibh sé críonna an dúiche Dhanmhargach a fhágáil i bhfianaise pleananna Trump le déanaí.

SCÉALTA EILE