Ridirí Bhaile Átha Cliath

Athbhunaíodh le deireanas an cumann rothaíochta Ridirí Bhaile Átha Cliath, a tháinig le chéile den chéad uair trí bliana ó shin ach nár chas le chéile ó shin. Tá súil ag Rónán Mistéil, rothaí as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath, go mbeidh an chéad turas ag an gcumann athbhunaithe go luath an mhí seo chugainn agus go gcuirfidh an cumann leis na deiseanna atá ann do chainteoirí Gaeilge san ardchathair casadh le chéile i suíomh sóisialta.

“Tháinig grúpa againn le chéile cúpla bliain ó shin, spreagtha ag leithéidí ‘Na Cnocadóirí’, cumann fánaíochta, agus ‘Na Gaeil Óga’, cumann peile. Chonaic muid go raibh éileamh ann ó dhaoine a theastaigh uathu teacht le chéile agus sóisialú trí mheán na Gaeilge i mbealach gníomhach, nach raibh foirmeálta, agus gan aon bhrú a bheith orthu.

“In 2015, d’éirigh go maith leis mar choincheap agus bhí cúpla turas lae againn cois farraige i gContae Átha Cliath, thuaidh agus theas. Rothaigh scata againn amach go Ráth Chairn deireadh seachtaine amháin, áit ar bhuail muid le grúpa eile a rothaigh ó Bhéal Feirste agus duine amháin a tháinig ó Ghaillimh,” a dúirt Rónán le NÓS.

Dúirt sé go bhfuil sé i gceist ag an gcumann “cúpla imeacht” mar sin a eagrú arís i mbliana, imeachtaí a bheidh “neamhfhoirmeálta” agus “sóisialta” agus nach mbeidh aon bhrú ar na rothaithe maidir le caighdeán a gcuid Gaeilge ná a gcumas rothaíochta.

“Tá fáilte roimh chách a bheith linn, an t-aon dá rud a theastaíonn le bheith sa chumann ná rothar agus meon dearfach. Ina dhiaidh sin, nílimid ach ag brath ar an aimsir. Tá súil agam an chéad imeacht a reáchtáil ar an 7 nó 8 Aibreán. Beidh tuilleadh eolais againn ar an gcuntas Twitter agus sa ghrúpa ar Facebook faoi,” a dúirt Rónán.

Tá a leithéid de chumann ar bun le fada i mBéal Feirste, Cumann Rothaíochta Loch Lao. Glacann baill an chumainn Fheirstigh páirt in imeachtaí sóisialta de chuid an chumainn féin chomh maith le rásaí agus comórtais eile rothaíochta timpeall Chontae Aontroma agus an cheantair máguaird.

Cuirtear deiseanna ar fáil do chainteoirí Gaeilge páirt a ghlacadh in imeachtaí aclaíochta san ardchathair tríd an gcumann peile, Na Gaeil Óga CLG, a bhfuil foirne peile, camógaíochta agus iománaíochta ann d’fhir, mná agus páistí, agus tríd an gcumann ‘Na Cnocadóirí’ a bhíonn ag siúl sna cnoic i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus Cill Mhantáin chomh maith le háiteacha eile níos faide i gcéin.

SCÉALTA EILE