Ag Dia amháin atá a fhios cén toradh a bheidh ar an mBreatimeacht sa deireadh, agus cén tionchar a bheidh aici orainne anseo. Agus mórcheisteanna cosúil leis an teorainn in Éirinn fós á gcíoradh, níl mórán áite ann le plé a dhéanamh ar céard a d’fhéadfadh tarlú do rudaí nach bhfuil chomh tábhachtach céanna.
Is fiú os cionn dhá bhilliún punt cearta teilifíse Phríomh-Roinn Shasana. Bhí am ann gur imreoirí ón mBreatain, agus roinnt as Éirinn a bhíodh ag imirt ach tháinig athrú air sin. Tháinig Arsene Wenger go Arsenal, agus thosaigh sé ag tabhairt imreoirí ón bhFrainc leis.
De réir a chéile, mealladh imreoirí ó ar fud na hEorpa chun na Príomh-Roinne. Sa lá atá inniu ann, bheadh sé deacair theacht ar aon fhoireann nach bhfuil ag cur thar maoil le himreoirí ón mór-roinn. Bhí sé sin éasca go maith taobh istigh den Aontas Eorpach, ach leis an mBreatimeacht, d’fhéadfaí stop sciobtha go maith a chur leis an gcleachtas.
Ós rud é gur roghnaigh na Sasanaigh imeacht, roghnaigh siad freisin deireadh a chur leis an saorthaisteal san Aontas Eorpach. Mar sin, níl sé deacair a shamhlú go roghnódh imreoirí imirt sa Spáinn, san Iodáil nó sa nGearmáin, ná dul ag iomrascáil le víosaí, agus nach mbeadh an caighdeán céanna imreoirí sa bPríomh-Roinn.
Bheadh tionchar aige seo ar an gcaighdeán imeartha ag tráth éicint, agus níl sé deacair a shamhlú ach oiread, gur gearr go dtitfeadh luach na Príomh-Roinne agus muid anois ag breathnú ar shraitheanna na Gearmáine, nó comórtais Eorpacha.
Is gearr go mbeadh imreoirí a bheadh ag strachailt a mbealach a dhéanamh ar fhoireann Sunderland, ag suí ar bhinsí Crystal Palace, nó Fulham nó Leicster City.
Is olc an ghaoth nach séideann go maith do duine éicint. Seans go mbeidh lucht sacair na hÉireann in ann buntáiste de chineál a bhaint as, mar go mbeidh ar imreoirí faoi 18 bliain d’aois fanacht anseo. Má tá aon mhaith le himreoir óg faoi láthair, tá siad sciobtha thar sáile, anonn ag clubanna i Sasana.
Ní bhaineann an riail sin ach le tíortha san Aontas Eorpach, áfach, agus bíonn ar imreoirí taobh amuigh den Aontas fanacht go mbíonn siad os cionn 18 bliain le taisteal. Cuirfear deireadh, mar sin, leis an aontú atá ag FIFA, a cheadaíonn d’imreoirí idir 16-18 dul chuig club eile, chomh fada agus go bhfuil an dá chlub san Aontas Eorpach.
Ach samhlaigh an déagóir óg atá go maith ag an sacair, agus anois a chaillfidh a dheis dul ag na hacadaimh éagsúla atá sa mBreatain. Beidh air brath ar an FAI mí-eagraithe le forbairt a dhéanamh ar a ghairm. Tá sé sin go maith (b’fhéidir) do Shraith na hÉireann, ach tá sé truamhéalach nach bhfaighidh sár-imreoirí óga na hÉireann na deiseanna céanna agus a fuair laochra mar Robbie Keane, Roy Keane, Damien Duff agus fiú Nicky Byrne Westlife, a chaith seal idir na postaí d’ógra Leeds United.
B’fhéidir gur gearr go mbeadh na daoine a vótáil imeacht, ag caoineadh a ndeifre agus iad ag breathnú ar shacar leamh na Breataine ina gcuid tithe ósta breátha lán le Sasanaigh.