Slán fágtha ag Conor leis an UFC

Is beag nár bhris Conor McGregor an t-idirlíon aréir tar éis gur fógraíodh ar a chuntas twitter go raibh sé ag éirí as an UFC go tobann.

Síleadh ar dtús gur magadh a bhí sa teachtaireacht a seoladh ó chuntas mhór-réalta an MMA, nó gur cur i gcéill de shaghas éigin a bhí ann, ach uair an chloig ina dhiaidh sin, sheol John Kavanagh, traenálaí McGregor, giolc eile a chuir leis an scéal.

Is léir gur buaileadh bob ar lucht leanúna McGregor, agus ar thráchtairí MMA ar aon, agus go leor cainte ar na meáin shóisialta faoi cad a bhí taobh thiar de.

Tháinig preas ráiteas ó Dana White, Uachtarán an UFC, sna sála ar an dá ghiolc a chinntigh go raibh bunús leis an scéal.

Dúirt Dana, gur tarraingeoidh Conor ón UFC 200, a bheidh ar siúl ar an 9 lá de mhí Iúil, de thairbhe nach raibh sé sásta a bheith i láthair ag preas ócáid i Las Vegas.

Bhí Conor i mbun traenála san Íoslainn ag an am ag ullmhú don ath-throid a bhí beartaithe in aghaidh Nate Diaz.

Tuairsicíodh nach préas ráiteas amháin a bhí i gceist ach mionchamchuairt phreasa domhanda, agus nár cheap McGregor é a bheith indéanta roimh an troid.

Tá ráite ag Dana White go bhfuil sé ag buaileadh le Nate Diaz, a fuair an ceann is fearr ar McGregor in UFC196, chun trodaí eile a shocrú do UFC 200.

SCÉALTA EILE