Tá a thuras mór snámha timpeall na hÉireann curtha ar athló ag an snámhaí Gaeltachta Anraí Ó Domhnaill de dheasca mar gheall ar scaipeadh rábach an víris chorónaigh ar fud na tíre i láthair na huaire.
Thosaigh Anraí ag snámh óna bhaile dúchais, an Charraig Fhinn i nGaeltacht Thír Chonaill, ar an 17 Meán Fómhair 2020 agus chuaigh sé chomh fada le Cé na Cille Móire i gContae Loch Garman sular éirigh sé as le haghaidh sos beag Nollag ar an 10 Nollaig.
Chuir sé tús athuair lena thuras an tseachtain seo caite agus bhain sé cósta Phort Láirge amach an tseachtain seo caite. Bhí súil aige coinneáil air ag snámh sna seachtainí amach romhainn ach fógraíodh ar shuíomh oifigiúil an tsnámha inniu go bhfuil an cinneadh déanta ag fear na Carraige Finne an turas a chur ar athló mar gheall ar an líon ard cásanna den víreas atá sa tír anois.
Dúirt sé gurb í sábháilteacht na foirne an chloch is mó ar a bpaidrín agus gur chuir na srianta nua a cuireadh i bhfeidhm agus é ar sos i gcaitheamh an gheimhridh isteach go mór ar a phleananna.
“Tá an-áthas orm gur bhain mé an pointe leath bealaigh amach, amach ó dheisceart na hÉireann, mar gheall ar an tacaíocht agus an iarracht mhór ó mo chriú mara agus talún,” a dúirt sé.
Tá os cionn €41,000 bailithe ag Anraí don dá charthanas Cumann Ailse na hÉireann agus Sábháilteacht Uisce na hÉireann cheana féin. Is féidir airgead a dheonú do FinSwim 2020 anseo.
Bronnadh gradam speisialta ar Anraí i mí na Samhna na bliana seo caite ag searmanas de chuid Shábháilteacht Uisce na hÉireann mar gheall ar an méid mór airgid atá tiomsaithe aige don eagraíocht agus an iarracht seo ar bun aige.
Tá dhá phéire lapaí ag Anraí, ceanna fada agus ceanna gearra, agus úsáideann sé an dá phéire le linn an turais, ag brath ar chúinsí aimsire agus farraige. Bíonn spéaclaí snámha, hata agus bríste snámha air den chuid is mó, agus bíonn culaithe uisce air má bhíonn teocht na mara an-íseal go deo. Tá fón póca leis, chomh maith le huaireadóir cliste agus rianaire a thaispeánann don phobal agus dá chriú cén áit go díreach a bhfuil sé agus é ag snámh.