Tá an Finswimmer, Anrí Ó Domhnaill, le sos a thógáil óna thuras timpeall na hÉireann haghaidh na Nollag agus beagnach 650 ciliméadar snáfa aige le mí go leith anuas.
Thosaigh Anrí ag snámh óna bhaile dúchais, an Charraig Fhinn, i nGaeltacht Thír Chonaill ar an 17 Meán Fómhair agus é ag snámh ar deiseal timpeall na hÉireann ó shin. Bhain sé cósta Loch Garman amach cúpla lá ó shin agus is ann a stopfaidh sé le haghaidh sos beag Nollag.
Tá Anrí ag snámh le 44 lá agus 647.4km curtha de aige. Is ag Cé na Cille Móire in oirdheisceart na tíre anois. Ní bheidh sé ag snámh timpeall na hÉireann arís go dtí an mhí seo chugainn, cé go bhfuil sé beartaithe aige snámh speisialta a dhéanamh ag Cé na Cille Móire Lá Nollag, i ndílchuimhne ar iascairí agus tumadóirí a bádh sa cheantar sin.
“Ghlac mé páirt i gcuardaigh do dhaoine a bádh sa mhuir mhór i gceantar cósta Rinn Duáin agus Cé na Cille Móire. Ní fhéadfainn dul thar an áit gan cuimhneamh ar na daoine sin agus ómós a léiriú dóibh, agus gan tacú leis na teaghlaigh agus na pobail a fágadh ina ndiaidh,” a dúirt Anrí ina dhialann ar líne faoin snámh.
Agus an tuairisc laethúil á scríobh aige don lá deireanach snámha sin, ghabh Anrí buíochas lena fhoireann d’oibrithe deonacha a chabhraigh leis an chéad chuid seo dá thuras a chur i gcrích, agus thiomnaigh sé snámh an lae do dhaoine a tháinig slán ón ailse “Junior, a athair, a uncail, agus a sheanuncail” agus do Lily Sinnot, ar bádh a fear agus a mac.
Agus Anrí ag glacadh sosa don Nollaig, tá an bád a chuaigh leis ón gCarraig Fhinn, An Tor Dearg, agus an scipéir Willie Duggan ar an mbealach ar ais go Toraigh. Beidh Willie agus a chriú ag caitheamh na laethanta amach romhainn ag tabhairt muintir an oileáin amach is isteach chuig an míntír agus iad ag réiteach le haghaidh na Nollag.
Tá Anrí ag bailiú airgid do Chumann Ailse na hÉireann agus do Shábháilteacht Uisce na hÉireann, agus tá sé féin ag tabhairt faoi thaighde eolaíochta le linn an turais. Is féidir airgead a dheonú don dá eagraíocht anseo.