Bhí an t-ádh dearg orm gur tugadh chuig cluiche de chuid na Mumhan mé ag aois óg. Is cuimhin liom go raibh Mumha ag imirt in aghaidh Chúige Uladh agus, tar éis an chluiche, fuair mé síniú David Humphreys.
Sin ceann de na cuimhní is luaithe atá agam maidir leis an rugbaí ach tá cúis ann go raibh a fhios agam cérbh é David Humphreys: bhí mé tar éis a bheith ag breathnú air i gCraobh na Sé Náisiún. Tá mé cinnte gur chuir líon mór de lucht leanúna rugbaí suim sa spórt ar dtús tríd an gcomórtas sin. Tá sé ar fáil le féachaint ar an teilifís saor in aisce agus is uirlis ollmhór é maidir le fás an chluiche.
I mbliana beidh ainmneacha na n-imreoirí ar chúl a ngeansaí agus is céim mhór é seo i dtreo an cluiche a fhás. Déarfaidh daoine áirithe nár cheart go dtarlódh sé ach ní aontaím in aon chor leo. Don bhreathnóir ócáideach atá díreach ag féachaint ar chluiche nó dhó, ciallaíonn sé go bhfuil siad in ann labhairt faoin gcluiche ar bhealach níos compordaí agus foghlaim cé hiad na himreoirí agus cén ról atá acu ar an bpáirc.
Is féidir linn breathnú ar an gceist ó thaobh airgid de freisin. Cé mhéad geansaí sacair a fheiceann tú in aghaidh na seachtaine le hainmneacha imreoirí agus a n-uimhreacha ar chúl? Cé mhéad airgid a ghineann ainmneacha imreoirí ar gheansaithe sacair dá bhfoirne? Nuair a shínigh Ronaldo agus Messi do chlubanna éagsúla clúdaíodh costas a dtáillí aistrithe le díolacháin na ngeansaithe amháin.
Is gnó é an spórt gairmiúil. Tá an bua tábhachtach ach is é an t-airgead an rud is tábhachtaí. Sin í an fhírinne bhrónach. Más féidir le hainmneacha imreoirí ar gheansaithe cabhrú le níos mó airgid a bhailiú agus cabhrú le lucht leanúna nua a thabhairt isteach sa spórt freisin, ní dhrochrud é.
An mhí seo, eiseofar clár faisnéise ar Netflix bunaithe ar Shé Náisiún na bliana seo caite. Beidh agallaimh in Full Contact le himreoirí agus buaicphointí ó na cluichí. Tá súil agam gur clár faisnéise a bheidh ann a ardóidh próifíl an rugbaí ar an mbealach céanna a rinne Drive to Survive do F1.
Is deis ollmhór é don spórt a léiriú cé chomh maith agus atá sé. Tá seans ann lucht féachana nua a mhealladh, lucht féachana nach mbeadh ag féachaint ar rugbaí murach sin. Cé mhéad duine a bheidh ag breathnú ar an gclár faisnéise seo agus ansin a fheicfidh go bhfuil Craobh na Sé Náisiún ag tosú cúpla seachtain ina dhiaidh sin agus a spreagfar an comórtas a leanúint mar thoradh?
Gineann na rudaí seo go léir airgead. Is é sin an rud is tábhachtaí i sochaí na linne seo. Sampla eile is ea Páirc Musgrave a athrú go Virgin Media Park trí chomhaontú nua a bhaint amach idir Cúige Mumhan agus Virgin Media. Dá mhéad airgead atá ag foireann, is amhlaidh is mó is féidir leo a bhaint amach, rud a fhágann go ndéanann an spórt trí chéile dul chun cinn.