Stephanie Órga

Ar chaith tusa vóta don pheileadóir Éireannach órga seo go fóill?

Tá Stephanie Roche fós san iomaíocht do chúl na bliana i gcomórtas FIFA, ach níl mórán ama fágtha.

Meastar go bhfuil an-deis ag an tosaí an mórghradam a bhaint tar éis di ceann de na cúil is fearr riamh i sacar na hÉireann a chur san eangach siar in 2013.

Bhí Stephanie ag imirt le foireann Átha Cliath Peamount United nuair a tharraing sí go leor clú uirthi féin as buille den chéad scoth ó leath-eitleog.

Bronntar Gradam Puskás ar pheileadóir gach bliain as cúl na bliana a scóráil, tar éis vóta ar líne ón phobal. Roghnaíodh cúl Roche as na mílte le dul ar ghearrliosta na bliana seo, agus tar éis babhta vótála eile tá sí anois sa triúr deireanach don duais.

Tá iomaíocht ghéar ina héadan, áfach, mar atá James Rodriguez na Colóime agus Robin Van Persie de chuid na hÍsiltíre ag iarraidh an duais a bhaint dá gcúil féin.

Ach tá am ann go fóill chun a chinntiú go mbeidh Roche ní amháin ar an chéad Éireannach chun an gradam a thógáil abhaile ach an chéad bhean fosta.

Fógrófar buaiteoir Ghradam Puskás na bliana seo ar 12 Eanáir ag searmanas FIFA, agus is féidir vóta a thabhairt di anseo.

SCÉALTA EILE