Tá cloiste againn an tseachtain seo faoin bplean atá ag Cumann Peile Lúthchleas Phádraig Naofa staid nua a thógáil in Inse Chór i mBaile Átha Cliath. Ar ndóigh, ní raibh na pleananna i bhfad foilsithe sula raibh comhairleoir cathrach ós comhair ceamara ag déanamh imní faoi.
Sa phlean, beidh áit ag 12,000 duine sa staid, chomh maith le tithíocht, áiseanna pobail agus ionad siopadóireachta. Trasna an bhóthair ó Pháirc Richmond, san áit ina bhfuil Eastát Mhichíl faoi láthair atá siad ag iarraidh é a thógáil agus, de réir na bpleananna, ní bheidh siad ag iarraidh aon mhaoiniú ón rialtas, mar go mbeidh siad in ann é a íoc leis an méid miondíola a bheidh ar bun acu.
An imní atá ar an gComhairleoir Paul Hand (NS), agus daoine eile is cosúil, ná gur le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an talamh agus níl fios fós céard atá siad ag iarraidh a dhéanamh leis. Tuigtear go mb’fhéidir go mbeadh an Chomhairle ag lorg tairiscintí le tithe agus ionad pobail a thógáil air, ach níor deimhníodh sin fós.
Cén fáth nach nglacfadh na húdaráis le pleananna an chumainn? Níl dóthain áiseanna pobail in Inse Chór agus seo deis athghiniúint a dhéanamh ar cheantar atá in áit na leathphingine le fada an lá. Tuigim go bhfuil go leor sonraí nach bhfuil againn fós. Céard a tharlódh dá dteipfeadh ar an gcumann amach anseo, cuirim i gcás?
Ach seo forbairt a theastaíonn ó Shraith na hÉireann. Faoi láthair, freastalaíonn thart ar 2,500 duine ar chluiche ag Páirc Richmond, agus tá imní ann nach mbeidh staid do 12,000 duine riamh lán. Meallann áiseanna slua, agus gan fhís ní bheidh fás. Cé chomh minic a chloiseann muid daoine ag rá go rachadh siad ag níos mó cluichí dá mbeadh na háiseanna níos fearr, go háirithe má bhíonn gasúir acu, agus ansin, nuair a chuirtear plean chun cinn tá daoine á tharraingt óna chéile? Smaoinigh freisin go bhfuil sé ráite ag an gcumann gurbh iad féin a bheidh á íoc, gan tacaíocht rialtais.
Níl sé seachtaine ann ó tharraing an tAire Spóirt aird ar féin nuair a bhronn sé deontas €150,000 ar scoil phríobháideach i mBaile an tSaoir do pháirc haca. Scoil a bhfuil neart páirceanna imeartha aici cheana féin. Níl Inse Chór, agus an ceantar máguaird, ach cúpla ciliméadar ón scoil sin. De réir an dhaonáirimh tá thart ar 50,000 ag cur fúthu lár dheisceart Bhaile Átha Cliath agus níl oiread agus páirc imeartha amháin ag an bpobal ansin. Tá os cionn deich mbunscoil sa cheantar agus gan áit ghlas ar bith acu. Tá Inse Chór beagán taobh amuigh den bheilt coincréiteach seo, ach tá neart dífhostaíochta agus fadhbanna sóisialta acu, agus is páistí a mhothaíonn an chuid is láidre den bhuille sin.
Go minic is í an spóirt a thugann spreagadh agus misneach do pháistí astu féin agus as a gceantar dúchais. Níor cheart gur ag na daoine a bhfuil airgead acu amháin a mbeadh fáil ar áiseanna. Tá áiseanna pobail, agus cultúr aclaíochta tuillte ag páistí Inse Chór, agus ag na páistí eile béal dorais i lár na cathrach. Faraor, roghnaigh rialtais éagsúla neamhaird a dhéanamh orthu. Seo seans tosú ar rudaí a chur ina gceart.