Tá bóthar fada fós le siúl ó thaobh meabhairshláinte de i saol an spóirt

Meas tú cén uair a thiocfas an lá gur le dea-scéala a bheidh spórt na mban ar an bpríomhleathanach? An t-aon uair a bhíonn mná á bplé ná nuair a bhíonn conspóid de chineál eicínt ann. 

An tseachtain seo, is í Naomi Osaka atá ag tarraingt cainte. Ní mar gheall ar a cuid scileanna leadóige, ach mar gheall ar an gcaoi ar caitheadh léi in Roland Garros nuair a thriail sí aire a thabhairt dá meabhairshláinte. 

Ní gá dom cur síos a dhéanamh ar an méid a tharla le seachtain. Tá madraí an bhaile iad féin tinn dó faoin tráth seo. Is mó spéise atá agam breathnú ar an méid atá foghlamtha againn. 

Cén fáth, sa mbliain 2021, a gcaithfidh duine atá go dona mar gheall ar chúrsaí atá ag dul ar aghaidh sa gcloigeann, a gcuid nótaí leighis a bhronnadh orainn chun go gcreidfidh muid iad? 

Cén fáth nach bhfuair an bhean óg seo an bá céanna agus a bheadh faighte aici dá mbeadh a cos briste, rud a d’fhágfadh nach mbeadh sí in ann labhairt leis na meáin? An mbeadh muid níos tuisceanaí dá mbeadh bindealán mór ar a baithis mar go dtaispeánfadh sé sin dúinn go raibh a cloigeann gortaithe?

Gach lá feicim ‘it’s ok not to be ok’ nó truflais eile mar é ar na meáin shóisialta. Níl aon fhírinne ansin. Níl sé ceart go leor. Tá stiogma fós ag baint leis. Beidh daoine á léamh seo a mhothaíonn nach féidir leo an fhírinne a insint dá gcuid bhfostóirí má bhíonn am ón obair uathu chun cneasú, má tá tinnis inchinne ag dul dóibh. 

Cé mhéid duine fud fad na tíre a fuair nóta ón dochtúir ag rá go raibh pian droma á gcoinneáil sa mbaile, nuair ag fulaingt leis an dúlagar a bhí siad? Cé mhéid duine a choinníonn a gcuid piollairí i bhfolach? Cé mhéid againn a fuair comhairle ó acmhainní daonna gan tada mar sin a thabhairt le fios ar fhaitíos go gcuirfí post nó ardú céime i mbaol? 

Mura dtabharfaidh na mórchomhlachtaí agus mór-imeachtaí spóirt dea-shampla dúinn, níl seans ar bith faoin spéir ag an ngnáthdhuine suite in oifig nó ag an gcuntar sa siopa.

Ba chuma sa tsioc le lucht Roland Garros faoin mbail a bhí ar Osaka chomh fada agus go raibh sí ag imirt agus go raibh sí ag comhlíonadh a cuid dualgas os comhair na gceamaraí. Chonaic siad contúirt, agus in áit déileáil go tuisceanach le bean óg, roghnaigh siad bagairt a dhéanamh ar a slí beatha. Fiú nuair a d’fhág sí an comórtas, ghuigh Uachtarán Leadóige na Fraince biseach sciobtha uirthi, mar ar ndóigh, is féidir déileáil leis an dúlagar taobh istigh de chúpla lá.Léirigh sé easpa tuisceana agus oideachais arís agus arís eile. Aisteach go leor, roghnaigh sé gan aon cheist a fhreagairt ag an bpreasócáid a eagraíodh mar gheall ar imeacht Osaka. Mar a déarfadh Alanis Morrisette, is diabhaltaí an rud é an íoróin. Tá bóthar fada fós le súil againn. 

SCÉALTA EILE