Is iomaí uair mé ag scríobh faoi spórt na mban, ag lorg cothrom na féinne do mhná. Ach, tá cás á throid anois ag bean ón Afraic Theas, nach bhfuil sách baineann do chomórtais na mban, de réir Chumann Idirnáisiúnta na gCónaidhmeanna Lúthchleasaíochta (IAAF).
Deich mbliana ó shin, chuir an IAAF iallach ar an reathaí Caster Semenya tástáil a dhéanamh, chun go mbeadh siad in ann a fháil amach cé mhéid téististéaróin a bhí ina cuid fola, le cruthú gur bean a bhí inti — tástáil bhandachta.
Is duine hipearandraigíneach í Semenya, rud a chiallaíonn go ngineann a corp méid mór téististéaróin, go nádúrtha. Nuair a fuair an IAAF é seo amach, choinnigh siad ó rásaí í, cinneadh a chothaigh conspóid.
Tá sí ar ais ag rith ó shin, agus neart bonn buaite aici, ach anois tá an IAAF ag dul ina diaidh arís. Tá siad ag iarraidh go dtógfadh mná cosúil le Semenya, atá ag rith rásaí idir 400m agus 1,600m ar fad, cógais lena gcuid téististéaróin a ísliú, ag rá go bhfuil sé ag tabhairt buntáiste dóibh ar mhná eile atá san iomaíocht.
Tá údar acu súil a choinneáil ar théististéaróin. Cuidíonn sé le fás matáin agus tugann sé deis do dhuine tuilleadh ocsaigin a choinneáil ar bord, dhá rud atá thar a bheith tábhachtach don té atá ag rith.
Is í an cheist mhór, áfach, leis an méid ábhair agus rudaí atá ag daoine éagsúla ar a chéile, agus a thugann buntáiste, cén fáth gurbh é an téististéaróin atá ag cur an oiread sin imní ar an IAAF?
Tá buntáistí géiniteacha éagsúla ag an gcuid is mó de na lúthchleasaithe a bhfuil aithne againn orthu. Bíonn cuid acu níos airde, níos leithne, go deimhin, tá buntáiste ag leor acu de bharr go raibh dóthain airgid acu le forbairt a dhéanamh sa spórt.
Tá buntáiste ag an lúthchleasaí atá ag traenáil ar dhromchla níos airde ná an té atá thíos ar thalamh íseal, ó thaobh caomhnaithe ocsaigine de.
Anuas ar sin ar fad, bíonn leibhéil éagsúla téististéaróin i measc na bhfear a bhíonn ag rith chomh maith, agus níl aon mholadh á dhéanamh go mbeadh ar na fir is mó a bhfuil sé ina gcuid fola fáil réidh leis chun go mbeadh an rás níos cothroime do gach duine.
Tá lúthchleasaithe amuigh ansin ag tógáil drugaí in iarracht tuilleadh luais a chuir fúthu, nó iad féin a láidriú. Ina measc, tá roinnt atá ag tógáil téististéaróin agus seans maith nach mbéarfar go brách orthu. Níl aon neart ag Caster Semenya ar a bhfuil atá ag tarlú go nádúrtha, ar an gcaoi chéanna nach raibh aon neart ag an snámhaí Michael Phelps go raibh réise sciathán chomh fada le bliain idir a dhá láimh.
Ní fheicim aon duine ag moladh go gcoinneofaí siar cúpla coisméig an reathaí ar bronnadh dhá chois fhada uirthi. Tá dóthain fulaingthe ag Caster Semenya, agus mná eile nach í, mar gheall nach ‘mbreathnaíonn’ siad sách baineann. Ach, is trua ollmhór é go bhfuil a hinscne á ceistiú de bharr go bhfuil sí go maith ag rith.