Tá chuile iarracht déanta a dínit a ghoid ó Caster Semenya

Cúpla mí ó shin, scríobh mé anseo faoin ngéarleanúint a bhí á déanamh ag Cumann Idirnáisiúnta na gCónaidhmeanna Lúthchleasaíochta (IAAF) ar lúthchleasaí ón Afraic Theas, Caster Semenya. Rialaigh an IAAF le deireanas nach raibh Semenya sách baineann le dul i mbun comórtais, mar dar leo, go raibh an iomarca téististéaróin aici, rud a bhí ag tabhairt buntáiste di. 

Cinnte, tá buntáiste leis an téististéaróin. Ach an oiread le cosa fada sa gcispheil, lámha fada sa snámh, scamhóga móra don té atá rith. Níl aon neart ag imreoirí cispheile ar a ngéaga fada, agus níl aon neart ach oiread ag Caster Semenya ar na hormóin atá ag sruthlú go nádúrtha ina corp. 

Tá an IAAF anois ag iarraidh go dtógfadh Semenya, i rásaí 400m agus 1,600m, cógais lena cuid téististéaróin a ísliú. D’fhéadfadh sé dul treo eile agus rásaí eile a rith, ach seans maith go dtiocfadh siad ina diaidh ansin chomh maith.

 Ní téististéaróin a tharraing na húdaráis anuas sa mullach ar Caster Semenya, ach easpa tuisceana, fuath ban do bhean nach dtuigeann siad agus an ciníochas. Deich mbliana ó shin, nuair a chuaigh siad ina diaidh ar dtús, rinneadh é mar ceapadh nár bhreathnaigh sí sách baineann. Bhí sí mór, dubh agus láidir. Rinne siad chuile iarracht a cuid dínite a ghoid uaithi, choinnigh siad ó chomórtais í, agus cuireadh iallach uirthi tástálacha a dhéanamh chun taispeáint nach fear a bhí inti. 

Tuigeann muid níos fearr anois anois ná riamh nach bhfuil an saol, agus inscní, chomh dubh agus bán agus mar a ceapadh aimsir Ádhaimh agus Éabha. Scaradh fir agus mná ón gcéad lá riamh, sa spórt agus go deimhin i go leor gnéithe eile don saol. Le glúin nó dhó, tá mná tosaithe ag déanamh dul chun cinn in iarracht comhionannas a bhaint amach. 

Níor tugadh na deiseanna traenála do mhná mar a tugadh d’fhir sa spórt. Scór blianta ó shin, ní shamhlódh aon duine go mbeadh bean chomh maith ag an leadóg agus atá Serena Williams. B’fhéidir anois, má tá an IAAF ag rá nach bhfuil bean sách baineann gur cheart dúinn breathnú ar na comhráití atá ag tarlú faoi dhaoine atá solúbtha ó thaobh inscne de. 

Shamhlóinn, áfach, gurbh iad na daoine céanna a deir nach raibh Semenya sách baineann na daoine a déarfadh gur seafóid atá i solúbacht inscne. Agus seo í an fhadhb. Níl sa gcinneadh seo ach iarracht an status quo a choinneáil. 

Rinneadh ceiliúradh ar ábaltacht colainne Michael Phelps agus é ag snámh, cé go raibh buntáistí fiseolaíocha aige a d’fhág go raibh níos mó fuinnimh aige ná ag daoine eile sa linn snámha. Labhraítear i gcónaí faoi aclaíocht Tom Brady agus é ós cionn 40 bliain d’aois agus é fós ag imirt peile. Ach in áit éachtaí Caster Semenya, a d’fhás aníos beo bocht gan deis ná tada aici le ceiliúradh, táthar á tarraignt anuas. 

Samhlaigh, go gcuirfeadh an IAAF an fuinneamh céanna isteach sa tástáil a dhéanann siad ar dhaoine atá ag dópáil. Bheadh sé sin ró-éasca is dóigh. 

SCÉALTA EILE