Sula ndéarfaidh mé tada eile, caithfidh mé a rá gur dlúthchara liom é David Gough. Ag tús na seachtaine, bhí roinnt i gCiarraí a cheistigh an mbeadh sé sách-oibiachtúil le seasamh i lár báire sa gcluiche ceannais idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath. An t-údar a bhí acu? Cé gur as Contae na Mí é, tá cónaí air i mBaile Átha Cliath agus tá sé ag obair anseo chomh maith.
É sin, agus cúpla bliain ó shin, nuair a bhí sé ag réiteoireacht idir an dhá fhoireann chéanna rinne sé botúin. D’íoc sé go daor as na dearmaid sin, mhínigh sé cén fáth gur tharla sé, agus ghabh sé a leithscéal. D’fhoghlaim sé uaidh, agus níl aon dabht ach gur réiteoir níos fearr atá ann inniu mar gheall go raibh sé sásta fás agus foghlaim a dhéanamh.
Ó shin i leith, tá sé ar dhuine de na réiteoirí is fearr atá againn, agus tá an cluiche mór tuilte aige. Bhí roinnt nár aontaigh leis sin, áfach, ag rá nach bhféadfadh sé a bheith neodrach agus é ina chónaí san ardchathair. Bhí mé ag breathnú ar an gcraic ar fad agus ag rá liom féin go gcaithfeadh sé nach raibh aon chall ag na daoine seo an baile a fhágáil le dul ag obair riamh.
Go raibh neamhaird iomlán déanta acu ar an athrú atá ar an saol, agus ar an gcaoi go bhfuil an aos óg á tharraingt soir. Ceistíodh a charachtar agus a chuid macántachta mar gheall go bhfuil griangraf ar an idirlíon dó ag seasamh le grúpa daoine as Baile Átha Cliath agus Corn Mhig Uidhir acu.
Tógadh an pictiúr sin agus é ina mhúinteoir i scoil nuair a tugadh an corn ar cuairt ag na gasúir. A léithéid de pheaca marfach. D’oibrigh sé le Cumann na mBunscol, agus thraenáil sé gasúir as Baile Átha Cliath, agus sin dóthain údair dó a bheith claonta is cosúil.
Táimse, cosúil leis na mílte daoine eile ó ar fud na tíre, i mo chónaí i mBaile Átha Cliath le roinnt blianta. D’imir mé peil leis Na Gaeil Óga. Níl seans ar bith faoin spéir go dtabharfaí Dub orm, ná go mbeadh aon bhá agam leo mar gheall air seo. Go deimhin, dá mbeadh gasúr amárach agam agus dá mbeadh siad ag iarraidh geansaí Bhaile Átha Cliath seachas dathanna álainn na Gaillimhe, bhrisfeadh mo chroí beagán.
Tá an fhios agam go mothaíonn David Gough ar an gcaoi chéanna faoi Chontae na Mí. An bhfuilimid tagtha ag an lá má tá iallach curtha ar dhuine tuaithe bogadh go Baile Átha Cliath nach féidir iad a thrust mar go dtarlóidh múnlú inchinne de chineál éigin orthu?
Is iomaí lá atá caite ag Gough ag traenáil i mBaile Shláine agus i mBaile Átha Cliath. Is iomaí uair a chloig atá tugtha aige go deonach don CLG. An oíche ina raibh daoine á tharraingt óna chéile ar an idirlíon, ag réiteoireacht cluiche faoi 14 sa Mí a bhí sé. An rud is tábhachtaí atá ag réiteoir ná a charachtar. Sé’n trua é gur triáileadh é sin a thógáil ó Ghael.