Táimid ag tráth anois go bhfuil tuiscint ag go leor againn ar na rudaí is féidir a rá os ard agus na tuairimí ar cheart dúinn a choinneáil againn féin, mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ár bhfocail ar dhaoine eile. Níl Israel Folau ag an tráth sin, áfach, agus anois tá a shlí bheatha mar imreoir rugbaí san Astráil i mbaol.
Chuir sé liosta mór fada amach ar Twitter de na daoine a bhí le dul go hifreann, agus bhí teannadh frith-homaighnéasach faoin ngiolc. Ní inniu ná inné a thosaigh sé ar an gcraic seo ach oiread. Is fear thar a bheith cráifeach é.
Cé go bhfuil roinnt a deireann gur cheart go mbeadh cead ag Falou a chreideamh a chleachtadh, den chuid is mó chuathas leis an tuairim nach bhféadfaí glacadh, sa saol atá inniu ann, leis an méid a chreideann sé agus mura raibh sé sásta a leithscéal a ghabháil, go gcaithfí deireadh a chur lena chonradh imeartha. Labhair go leor amach ina aghaidh, ag rá go bhféadfadh a chuid tuairimí droch-bhail a chur ar dhaoine. Agus an ceart acu.
Aisteach go leor mar sin, go raibh dearmad déanta ag an gcuid is mó againn ar na drochrudaí a rinne agus a dúirt an galfaire Tiger Woods, atá ina Dhia beag ó Chomórtas na Máistrí in Augusta.
Cinnte, níl tada frith-homaighnéasach ráite aige. Ach d’fhéadfadh daoine a bheith maraithe aige nuair a thiomáin sé agus é caochta ag líon ollmhór drugaí a bhí tógtha aige i mí na Bealtaine 2007. Bhí cúig chineál druga éagsúil ina cholainn, agus bhí sé soiléir ón ngriangraf a d’eisigh na póilíní nach raibh mórán tuairim aige cá raibh sé nuair a gabhadh é.
Roimhe sin, bhí na scéalta ar fad cloisthe againn faoin droch-mheas a léirigh sé ar dhaoine, go háirithe ar mhná, agus ar bhean chéile. Is iomaí leabhar a díoladh le blianta, a rinne cur síos ar an gcaoi gur chaith sé le daoine. Ní fear an-deas é. Sin mura bhfuil athrú mór tagtha air.
Le seachtain, tá craoltóirí agus iriseoirí agus an chuid is mó den phobal ag rá gur féidir Tiger Woods, an galfaire, a scoilt ó Tiger Woods, an duine. Déantar maíomh gur scéal iontach é, agus go bhfuil sé ar an aiséirí is mó riamh sa spórt. Agus b’fhéidir go bhfuil cuid den fhírinne ansin.
Cén fáth nach féidir an t-idirdhealú céanna a dhéanamh idir Israel Folau, an t-imreoir rugbaí, agus Israel Folau, a fear a chreideann go docht sa mBíobla agus an léamh atá aige féin air? Tá sé chomh maith ag an rugbaí agus atá Woods ag an ngalf. Léiríonn sé, ar bhealach, nach bhfuil aon duine againn gan pheaca, agus gur mb’fhéidir gur mhaith linn aiséirí Woods a fheiceáil mar go gcuireann sé i gcuimhne dúinn nach bhfuil in aon rud ach seal. Meas tú an mbeidh an t-aiséirí céanna i ndán do Folau?