Ar an Satharn, beidh Laighin ag déanamh iarrachta an cúigiú réalta a chur os cionn shuaitheantas a ngeansaà agus iad ag tabhairt aghaidh i gcluiche ceannais an Champions Cup ar La Rochelle i Marseille. Beidh an aimsir te and nà bheidh scamall sa spéir a chosnóidh na Laighnigh ó ghathanna ghrian na Fraince. Tá dúshlán ollmhór os a gcomhair.
An Chlibirt
Bhà Andrew Porter ag caint le linn na seachtaine faoina bheith ag dul in iomaÃocht le Uini Atonio sa chlibirt. Chuaigh an bheirt acu in iomaÃocht le chéile cúpla mà ó shin nuair a d’imir Éire in aghaidh na Fraince agus déarfadh go leor daoine go raibh an lámh in uachtar ag Atonio an lá sin.
Murar casadh ort é roimhe seo, is é Atonio an tosaà is troime sa Fhrainc; nà ar an bhfoireann náisiúnta amháin ach sa tÃr iomlán. Sin an dúshlán atá os comhair Porter ag an deireadh seachtaine. Nà bheadh ionadh orm dá bhfeicfimid Porter ag streachailt leis.
Beidh brú ollmhór ar chlibirt Laighean agus beidh clibirtà gasta uathu. Chonaiceamar an brú céanna in aghaidh Toulouse. Nuair a d’fhan an liathróid sa chlibirt, bhà clibirt Toulouse ag éirà nÃos láidre agus nÃos cumhachtaÃ. Bhà Laighin sásta an chlibirt a úsáid chun tús a chur leis an imirt arÃs. Nà raibh siad ag iarradh ciceanna éirice a bhaint amach aisti.
Beidh clibirt La Rochelle ag iarradh taithà agus cumhacht Atonio a úsáid ionas go ngéillfidh lÃne thosaigh Laighean ciceanna éirice. Ar an lámh eile, nà mhairfidh clibirtà Laighean i bhfad.
Ciceanna Chun Cúil
Má ghéilleann Laighin ciceanna éirice sa chlibirt agus roghnaÃonn La Rochelle dul i dtreo na bpostaÃ, beidh ar Ihaia West a bheith i bhfad nÃos cruinne ná a bhà sé in aghaidh Racing 92 sa bhabhta leathcheannais. Caithfidh tú do sheansanna a thógáil in aghaidh Laighean mar tá na seasanna sin fÃordheacair a chruthú. Má fhaigheann West deis cur leis an scór, caithfidh sé é sin a dhéanamh.
NÃl na foirne ainmnithe go fóill ach nÃl dabht ar bith i m’aigne go dtosóidh Johnny Sexton. Tá sé ag imirt nÃos fearr faoi láthair ná mar a d’imir sé bliain ó shin agus tá seans ann gurb é seo an cluiche ceannais Eorpach deireanach a bheidh aige. Tá an taithà aige a bheith ag buachan cluichà mar seo agus beidh a fhios aige céard a bheidh le déanamh, nà hamháin agus é ag stiúradh an chluiche ach nuair a thiocfaidh na seasanna os a chomhair freisin.
An SÃneadh Amach
Bhà dabht ann faoi Will Skelton agus La Rochelle ag dul i dtreo an chluiche seo ach dúradh i rith na seachtaine go mbeidh sé aclaà agus go mbeidh sé in ann imirt sa chluiche seo (tháinig sé ón mbinse in aghaidh Stade Francais an deireadh seachtaine seo caite). Tá buntáiste soiléir ag baint leo seo sa chlibirt (cuireadh sé le haon chlibirt ar domhan) ach sa sÃneadh amach freisin.
Tá Skelton ard, agus é mó ná dhá mhéadar in airde, is constaic é do húcálaithe ag an sÃneadh amach. Má léimeann sé, caithfidh tú an liathróid a fháil thairis. Má ardaÃonn sé imreoir eile, ardaÃtear é ag luas aisteach go hairde aisteach. Beidh jab deacair ag Ronan Kelleher agus é ag caitheamh na liathróide agus ná bÃodh ionadh ort má fheiceann tú go leor gluaiseachta i sÃneadh amach Laighean.
Feicfidh tú Josh van der Flier ag seasamh in áit an leathchúlaà clibirte freisin agus nà rud nua é seo ach an oiread. Baineann Laighin an-úsáid as van der Flier anseo agus ligeann sé seo dóibh rogha eile a chruthú le Gibson-Park. Má thógtar an liathróid sÃos in áit à a chaitheamh ó bharr an sÃneadh amach, caithfidh cosaint La Rochelle fanacht go mbogann an liathróid ón sÃneadh amach sula mbogann siad. CiallaÃonn sé sin go bhfuil nÃos mó ama ag Laighin an rogha cheart a dhéanamh.
An Cliseadh
Is é an cliseadh an rud is tábhachtaà do Laighin agus iad ag iarradh an cluiche seo a bhuachan. Beidh an dhá fhoireann ag aistriú na liathróide go gasta ach beidh La Rochelle ag iarradh (agus caithfidh siad) é seo a scriosadh.
Maireann meánluas cliste Laighin thart faoi thrà shoicind agus is é seo a ligeann dóibh a stÃl imeartha a imirt. San aon chluiche a chaill siad i rith an tséasúir seo, nà bhfuair siad an luas aistrithe sin ar 95% dá gcliste.
Má mhoilltear an cliseadh, tá tú ag cruthú ama do do chosaint féin, am inar féidir leat fáil réidh don chéad tonn ionsaithe eile. Is féidir na bagairtà a phiocadh amach, is féidir luas a bheith agat agus tú ag teacht ón lÃne cosanta agus is féidir leis an lÃne cosanta sin a bheith socair agus eagraithe in áit a bheith ag cúlú an t-am uilig. Is é an t-am an rud is luachmhaire agus tú i mbun cosanta.
Beidh cliseadh gasta uaidh Laighin agus iad ar an ionsaÃ. Is nuair a bhÃonn an luas sin acu sa chliseadh is fearr a imrÃonn siad rugbaÃ. Tá siad thar a bheith compordach ag imirt cluiche ilphasach. Tá ról gach aon imreoir ar eolas aige agus nà bhÃonn scaoll orthu nuair a théann pas go talamh. Tuigeann siad go bhfuil fios ag gach aon duine céard atá le déanamh agus go gceartófá an fhadhb.
Is cuma freisin cé atá ar an bpáirc (cé chomh fada go bhfanann Sexton uirthi, ar ndóigh). Chonaiceamar stÃl imeartha Laighean seachtain ó shin in aghaidh na Mumhan le foireann beagnach iomlán difriúil roghnaithe acu.
Is cluiche fÃorshimplà é an rugbaÃ: má bhuann tú formhór na n-imbhuailtÃ, éirÃonn leat sa chluiche. I measc na staitisticà go léir a léitear i rith na seachtaine roimh chluiche mar seo, sin an bhunchloch is tábhachtaà agus an prionsabal is bunúsaÃ. Má éirÃonn le Laighin na himbhuailtà sin a bhuachan, beidh deis iontach acu an cúigiú réalta sin a chur os cionn shuaitheantas an gheansaÃ.