Tá tóir níos mó ar an NFL in Éirinn ná riamh roimhe seo. Tar éis bearna daichead bliain, tá imreoirí Éireannacha ag tuilleamh clú sa tsraith is mó i Meiriceá arís. Cé go bhfuil ceannlínte bailithe ag eachtraí Charlie Smyth, Dan Whelan, agus Jude McAtamney le déanaí, tá stair fhada ghradamach faoi thionchar na nGael ag an NFL ó laethanta a bhunaithe.
Ba Ghael-Mheiriceánach de bhunadh Ard Mhacha é an fear a bhí ina cheann feadhna ar an NFL. Agus é ina oibrí iarnróid agus ina shaoririseoir páirtaimseartha, bhunaigh Joseph Carr na Columbus Panhandles in 1907, foireann a d’imreodh sa chéad chluiche NFL 13 bliain tar éis sin. Toghadh mar chéad uachtarán na sraithe in 1921 é. Chódaigh agus láraigh sé an pheil Mheiriceánach, agus cheap sé réamhtheachtaí an Super Bowl – cluiche idir buaiteoirí an dá chomhdháil. Cuimhnítear ar Carr le Dámhachtain na Laoch agus síltear gurbh é ‘Athair na Peile Proifisiúnta’.
Ceann de na cúiseanna leis na sceitimíní timpeall an NFL in Éirinn ná an fhéidearthacht cluiche gnáthshéasúir a óstáil i mBaile Átha Cliath. Is dócha go n-imreoidh na Pittsburgh Steelers i bPáirc an Chrócaigh an bhliain seo chugainn, agus ní ábhar iontais é an rogha foirne. Tháinig clann Rooney ón Iúr, agus tá nasc doshéanta acu leis an tsraith ó bhunaigh Art Rooney na Steelers in 1933. I ndiaidh a bháis, tugadh an cheannasaíocht do Dan Rooney.
Bhí Dan ina iar-ambasadóir chun na hÉireann agus rinne sé a dhícheall i gcónaí an ceangal idir an fhoireann agus a thír dhúchais a neartú. In 1997, d’eagraigh sé cluiche réamhshéasúir idir na Steelers agus na Chicago Bears; is é seo an cluiche NFL deireanach a imríodh in Éirinn go dtí an lá inniu. Tá na Steelers fós faoi smacht chlann Rooney inniu.
Tá an chlann iontach mór le teaghlach NFL eile – clann Mara. Cheannaigh Tim Mara na New York Giants ar an mhórshuim de $500 in 1925. Geallghlacadóir cáiliúil neamhthrócaireach é Tim in Manhattan Íochtarach. Thug Mara na cosa leis agus bhunaigh sé roinnt foirne iomaíocha i rith na 20idí lena bhainistíocht ghnó ghlic. In 1930, bhuaigh na Giants ar na Fighting Irish i Nua-Eabhrac, ag cur ina luí ar go leor daoine gurbh fhéidir leis an gcluiche proifisiúnta dul in iomaíocht lena mhacasamhail choláisteach.
Go dtí na 40idí, comhchruinníodh an NFL den chuid is mó in oirdheisceart Mheiriceá. In 1946, bhí an smaoineamh fiontrach ag Dan Reeves, fear Cláiríneach, na Rams a bhogadh ó Cleveland go Cathair na nAingeal, ag baint leas as acmhainn neamhshaothraithe an chósta thiar. Chonaic Joe Robbie, de bhunadh Chill Chainnigh, go raibh Florida theas ina mhargadh a bhí ag teacht chun cinn agus bhunaigh sé na Miami Dolphins 20 bliain ina dhiaidh sin. Bhí Pat Bowlen, ó chlann as Tiobraid Árainn, ina bhall agus ina thabharthóir gníomhach i measc eagraíochtaí pobail Gael-Mheiriceánacha in Denver tar éis dó na Broncos a cheannach ar $70m in 1984.
Thosaigh an tionchar Gaelach ag éalú ó na boscaí feidhmeannacha sna 70idí. Ba é Neil O’Donoghue an t-imreoir dúchasach is iomráití. Ba as Cluain Dolcáin ‘Corny’ mar a tugadh air, agus sádh é i saol na peile Meiriceánaí nuair a thóg sé scoláireacht le Auburn in Alabama. Bhí cumas spóirt ar leith aige. Bhí sé ina ionadaí do Bhaile Átha Cliath agus na Shamrock Rovers cheana féin faoin am sin. Roghnaíodh é le bheith ag imirt leis na Bills in 1977, faoi cheannas OJ Simpson (an fear céanna). Is fearr aithne air as a chuid ama in Tampa agus St. Louis áfach.
In 1979, thug sé an cic buacach i gcoinne na Chiefs chun an teideal NFC Láir a bhuachan do na Buccaneers den chéad uair. Bhog sé go St. Louis in 1980, ceapadh é sa phost tosaigh ar bhealach aisteach tar éis gur fágadh ciceálaí na Cardinals ina cheathairphléigeach i dtimpiste gluaisteáin. Bhí tréimhse cúig bliana O’Donoghue in Missouri idir mhaith agus olc. Chabhraigh a chiceanna leis na Cardinals dul go domhain sna cluichí réitigh in 1982, ach ba dhóbair gur chuir sé deireadh lena ghairm nuair a chuir sé amú trí chic in am breise in 1983.
Chuaigh an t-imreoir ab fhearr riamh, Tom Brady arb as Baile an Mhuillin, Contae an Chabháin dá shinsear, isteach sa tsraith in 2001. Bhuaigh sé seacht Super Bowl i rith a ghairme fada leis na Patriots agus na Bucs. Níl an NFL fiú saor ó thionchar na Gaeilge. Ó am go ham, ghlaoigh a sheanchéile comhraic, Peyton Manning, oird trí Ghaeilge bhunúsach chun mearbhall a chur ar iomaitheoirí.
Tá ré órga tagtha ar an tionchar Gaelach san NFL le cúpla bliain anuas áfach. Ba é Dan Whelan, fear as Áth na Sceire, an chéad Éireannach a d’imir sa tsraith ó bhí O’Donoghue ann in 1985. Leanadh é an bhliain seo le cúl báire as Droichead Mhaigh Eo, Charlie Smyth, a chiceáil scór buacach do New Orleans i gcoinne Arizona. Ina dhiaidh sin, bhí laoch an tSuaitrigh Jude McAtamney foirfe ina chéad chluiche leis na Giants. Is as Laois do Ross Bolger a bhfuil duaiseanna buaite aige in Iowa, agus tá an t-earcach cúig réalta, Andy Quinn as Gaillimh, ag teacht anuas taobh thiar díobh. Tá an todhchaí geal.