‘Tá go leor le déanamh ag imreoirí na hÉireann roimh an Satharn’

Ní chuimhním aon turas eile a thosaigh mar a thosaigh an ceann seo chun na  Nua-Shéalainne. Sular ciceáladh liathróid chun tús a chur le cluiche, diagnóisíodh Ian Foster agus John Plumtree le Covid-19, agus tugadh Joe Schmidt isteach mar chóitseálaí. Diagnóisíodh Jack Goodhue agus David Havili freisin, chomh maith le Mack Hansen.

Níl deireadh leis ansin: gortaíodh Rob Herring, Harry Byrne, agus Iain Henderson, agus beidh ar Henderson taistil abhaile ón turas. D’eitil Niall Scannell amach mar gheall gur gortaíodh Herring agus ainmníodh é don chéad chluiche den turas. Agus mar gheall nach bhfuil fáil ar Byrne, ainmníodh Ciaran Frawley mar leathchúlaí clibirte amuigh don dara uair i mbliana.

Sa chluiche ar an gCéadaoin, gortaíodh Jeremy Loughman go luath, d’fhág James Hume an pháirc, agus ghortaigh Jordan Larmour a ghualainn freisin. D’fhág Cian Healy an pháirc tar éis a chos a ghortú agus is dóigh go mbeidh ar Andrew Porter go leor den chluiche a imirt ar an Satharn. 

Bhí na Maoraigh an-mhaith, ach ní raibh Éire thar mholadh beirte. Ní raibh leanúnachas san ionsaí, rinne imreoirí an iomarca botún sa chosaint, agus ghéill siad an iomarca ciceanna éirice. Deis ollmhór a bhí ann do go leor imreoirí ach níor thóg siad í.

Tháinig Niall Scannell isteach sa chluiche le thart ar 30 nóiméad le n-imirt. D’eitil sé amach i rith na seachtaine tar éis ghortú Herring. Is dóigh go raibh sé ag foghlaim an struchtúir agus é ar an eitleán agus é fós tuirseach ón taistil agus é ag rith amach ar an bpáirc.

Tar éis 30 nóiméad, ní raibh ach 24% de sheilbh na liathróide ag Éirinn agus níor thug na Maoraigh deis d’Éirinn a stíl imeartha a chruthú.

Níor thóg Andy Farrell ach 40 imreoir ar an turas seo, agus i mo thuairimse agus mar a luaigh mé ar podchraoltaí agus muid ag druidim i dtreo an turais, ní raibh a dhóthain i 40. Níor thóg Farrell ach triúr húcálaithe agus triúr leathchúlaithe clibirte amach. Ciallaíonn sé sin go mbeidh go leor acu páirteach i ngach cluiche, ó thaobh an téamh suas nó an cluiche é féin de. 

Tá go leor imreoirí óga ar an turas freisin: Gavin Coombes, Cian Prendergast, Joe McCarthy, agus James Hume mar shampla. Beifear ag súil le rudaí móra uathu mar gheall ar an méid a rinne siad do na cúigí i rith an tséasúir. Ach caithfear a bheith réalaíoch freisin. Tógann sé tamall an taithí a fháil. 

Bíonn daoine i gcónaí ag iarradh imreoirí difriúla a fheiceáil ar an bpáirc agus bíonn daoine i gcónaí ag gearán go dtosaíonn na himreoirí céanna d’Éirinn. An fáth a dtarlaíonn sé ná go mbuann na himreoirí seo cluichí; tá a fhios acu céard a theastaíonn uathu chun an jab a dhéanamh. Agus muid ag druidim i dtreo an chluiche ar an Satharn, tá go leor le déanamh ag na himreoirí seo. 

SCÉALTA EILE