Tá na Cluichí Gaelacha ag dul i dtreo na gairmiúlachta

Ag an am seo den bhliain cloiseann muid faoi bhainisteoirí idirchontae ag éirí as, agus bainisteoirí nua á n-insealbhú i gcontaetha eile. Is ag an am seo chomh maith a bhíonn cruinnithe á n-eagrú ina ndéantar cur síos ar an airgead a caitheadh i ngach contae i gcaitheamh na bliana. Agus is é seo an uair a bhuaileann iontas daoine arís agus arís eile faoin gcostas ollmhór a bhíonn ag baint le foireann idirchontae a choinneáil ag imeacht. Ach tar éis an méid sin, níl aon duine sásta aon iniúchadh ceart a dhéanamh ar an gceist. 

Creidim nach bhfuil muid i bhfad ón lá go mbeidh contaetha éagsúla bancbhriste in iarracht coinneáil suas leis an gcaiteachas ar fad, go háirithe na contaetha nach bhfuil an oiread céanna ratha orthu, nó contaetha nach bhfuil na mílte ag freastal go rialta ar a gcuid cluichí. 

Mar atá feicthe againn i Sasana, cliseann ar fhoirne peile. Ní lúthchleasaithe proifisiúnta iad na himreoirí CLG, ach cosnaíonn a gcuid aclaíochta go leor airgid mar sin féin. Tá costas mór millteach ar chuile chontae sa tír, agus tá cuid acu níos mó in acmhainn é a íoc ná dream eile. 

Samhlaigh cuntais Bhaile Átha Cliath i gCúige Laighean leis na sluaite atá ag freastal ar a gcuid cluichí. Agus an urraíocht ar fad atá acu. Anuas air sin, tá an tacaíocht airgid a fhaigheann siad (agus atá siad i dteideal a fháil) ó Pháirc an Chrócaigh. Anois samhlaigh cuntais Chill Mhantáin. Nó Uíbh Fhailí. Nó an Longfort. Ní féidir leo dul i gcomórtas leo ag an mbanc, agus dá réir ní féidir leo dul in iomaíocht leo ar an bpáirc ach oiread. 

Ach, fós caithfear na mílte a aimsiú le cúpla foireann sinsear agus na painéil mhóra atá acu a choinneáil go fisiciúil, nó bia a cheannacht nó éadaí imeartha a chur ar a ndroim, nó míleáiste a thabhairt dóibh. Mar shampla, samhlaigh an míleáiste atá á íoc le imreoir ón gClochán i gcontae na Gaillimhe dul soir taobh thoir den chathair le dul ag traenáil. Nó an t-imreoir as Maigh Eo atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath, ach atá ag dul siar an bóthar faoi dhó sa tseachtain le traenáil leis an bhfoireann. 

Tá foireann mhór chúltaca le n-íoc. Staitisteoirí, fisiteiripeoirí, dochtúirí, saineolaithe láidreachta agus aclaíochta, síceolaithe. Chuile bhliain, éiríonn na seomraí cúltaca níos mó. Ionaid Barr Feabhais á dtógáil ar shuíomhanna móra, agus gan deis ach ag roinnt iad a úsáid ar chostas mór. Ní fhaigheann na clubanna, atá ag giniúint go leor den airgead a chaitear ar na hionaid seo, deis dul isteach an geata. 

Tá na Cluichí Gaelacha ag dul i dtreo na gairmiúlachta, ar chuile bhealach seachas é a rá amach go lom. Agus níl mórán foirne atá in ann coinneáil leis. Táimid ag feiceáil a lorg cheana féin, agus lucht Bhaile Átha Cliath agus contaetha eile cosúil le Tír Eoghain agus Ciarraí atá níos flúirsí ná go leor eile ag déanamh níos fearr agus tá an bhearna idir iad agus an chuid eile ag dul i méid. 

Tiocfaidh an lá nach mbeidh an chuid eile in ann fiú triail coinneáil leo. Tá faitíos orm go dtiocfaidh an lá go gclisfear go hiomlán ar fhoireann éicint agus go mbeidh ar Pháirc an Chrócaigh iad a tharrtháil, nó ligfear le sruth iad mar gur thriomaigh an tobar. 

SCÉALTA EILE