Cosúil le go leor tíortha ar fud na hEorpa, ní bheidh gach duine i stát na hIodáile (muintir na Tioróile Theas mar shampla) ag tacú go fonnmhar leis an bhfoireann náisiúnta nuair a théann sí chun páirce i gcoinne na hÉireann san oíche amárach i Lille.
Mar sin féin beidh formhór mór na tíre ag scairteadh ar son a gcuid imreoirí agus an t-amhrán náisiúnta, ‘Il Canto degli Italiani’, á cheol acu in ard a gcinn roimh an gcluiche mór.
Ach cad go díreach a bheas á chanadh acu? Míníonn Seaghan Mac an tSionnaigh an scéal.
‘Amhrán Mamelli’ a thugtar ar ‘Il Canto degli Italiani’, iomann náisiúnta na hIodáile, go cómónta sa tír sin, agus is in ómós do Goffredo Mamelli (1827-1849), cumadóir na bhfocal, a bhaistear a leithéid de theideal ar rosc catha na nIodálach.
Thug réabhlóid Garibaldi comhthéacs ceart do theachtaireacht an amhráin sna 1860í corraitheacha as ar gineadh an stát Iodálach, agus an ceol leath-Fhaisisteach a ghabhann leis, scríobhadh in aon oíche amháin é, ach sin scéal eile.
Tá an leagan giorraithe ar eolas ag idir óg agus aosta san Iodáil, agus ní mór an leithscéal a theastaíonn lena gcur i mbun a chanta; ar an iliomad Iodálach a cheistíos i dtaobh an amhráin go dtí seo, ní raibh d’fhreagra ag éinne acu ach an t-amhrán féin a chanadh le bród ó thús deireadh.
Mar gheall ar an sacar is mó a d’aithneodh muintir na hÉireann an fonn fíorálainn, ach níor mhiste, is dócha, a bheith ar an eolas faoi chiall na bhfocal a chanfaidh imreoirí an fhréasúra ar an gCéadaoin nuair a thabharfaidh Poblacht na hÉireann faoi Phoblacht na hIodáile agus clabhsúr á chur le cluichí an ghrúpa.
Tá sé de bhuntáiste breise leis an leagan Gaeilge seo ná go bhfuil sé inchanta go leor, chomh maith!
Amhrán na nIodálach
A chomrádaithe Iodálacha, tá an Iodáil athmhúscailte,
agus clogad le Scipio, ag cumhdach a baithise.
Cá bhfaighfear an bua mór?
Nár dhúinne a bheannaigh sé?
Mar sclábhaí na Róimhe, ó Dhia a ráinig chughainn.
A chomrádaithe Iodálacha, tá an Iodáil athmhúscailte,
agus clogad le Scipio ag cumhdach na baithise.
Cá bhfaighear an bua mór?
Nár dhúinne a bheannaigh sé ?
Mar sclábhaí na Róimhe, ó Dhia a ráinig chughainn.
Le gualainn ar ghualainn, táimid sásta bás a fháil di.
Táimid sásta bás a fháil, ó ghlaoigh an Iodáil.
Le gualainn ar ghualainn, táimid sásta bás a fháil di,
Táimid sásta bás a fháil, ó ghlaoigh an Iodáil. Tá!
Agus ar deireadh, má tá sibh ag iarraidh éisteacht le ‘Amhrán Mamelli’ i 27 stíl éagsúla ceoil, seo é!