‘Teastaíonn doimhneacht chun Corn Domhanda a bhuachan’

Ghortaigh Stuart McCloskey a ghualainn an deireadh seachtaine seo caite agus bhí air an pháirc a fhágáil dá bharr. Bhí sé ainmnithe ar fhoireann na Éireann den chéad uair ó  bhí samhradh 2021 ann. Ní raibh ach sé chaipín aige roimh an gcluiche (cé go bhfuil níos mó tuillte aige). Ní raibh fáil ar Bundee Aki nó Robbie Henshaw, ach tháinig McCloskey isteach agus rinne sé sár-jab go dtí go ngortaíodh é. D’fhág sé an pháirc, tháinig Jimmy O’Brien isteach dá chéad chluiche agus rinne sé thar barr. 

D’fhág Conor Murray an pháirc luath freisin mar gheall gur ghortaigh sé a bhléin. Ní raibh aon anbhá agus ní raibh faitíos ar aon duine mar bhí Jamison Gibson-Park ar an mbinse. Níor imir Gibson-Park mórán rugbaí agus Éire ag druidim i dtreo an chluiche sin ach ní dhearna sé mórán difríochta; tháinig sé ar an bpáirc agus rinne sé jab iontach. Is féidir le himreoirí ag an leibhéal seo teacht isteach i bhfoireann mar sin; tá an cumas sin acu. Feicimid i gcás Sexton é ó ham go chéile. 

Cúpla nóiméad roimh leath ama, ghortaigh Tadhg Furlong a chos agus níor tháinig sé amach don dara leath. Tháinig Finlay Bealham isteach san fhoireann ina áit dá shéú caipín is fiche agus rinne sé jab iontach sa chlibirt agus timpeall na páirce. Arís ní raibh mórán ionadh ar aon duine. Tá go leor taithí ag Bealham agus tá a fhios aige céard a theastaíonn sna cluichí seo. 

Teastaíonn doimhneacht chun Corn Domhanda a bhuachan. B’fhéidir nach mbeidh ról ollmhór ag roinnt imreoirí: b’fhéidir nach n-imreoidh siad ach i gcluiche nó dhó nó b’fhéidir go n-imreoidh siad i ngach aon cheann acu. Is cuma cén cineál róil atá ag imreoir amháin; is é leas na foirne an rud is tábhachtaí agus mura bhfuil an dearcadh sin ag imreoir ní ceart don imreoir sin a bheith san fhoireann. Ní thógann sé ach poll beag chun bád a chur go tóin poill. Ach tá doimhneacht ag Éirinn, don chuid is mó ar aon nós. 

Tá go leor scríofa agus níos mó arís ráite faoin mbagairt chruacháis atá ag Éirinn má ghortaítear Johnny Sexton agus muid ag druidim i dtreo an Choirn Dhomhanda an bhliain seo chugainn, ach níl mórán scríofa faoin spleáchas atá ag Farrell ar Cian Healy, fear atá 35 bliain d’aois. Ní thosaíonn Healy na cluichí móra (má tá Andrew Porter aclaí, ba cheart dom rá) ach líonann sé an spota ar an mbinse arís agus arís eile. Nílim ag rá nár eart dó a bheith ann; is imreoir iontach láidir é a bhfuil go leor taithí aige. Ach tá Éire ag brath ar Healy le geansaí uimhir a seacht déag a líonadh. 

Taobh thiar dó, tá Jeremy Loughman, Andrew Warwick, Dave Kilcoyne, nó Josh Wycherley b’fhéidir. Is cuma céard a rinne nó céard a dhéanfaidh Denis Buckley; is léir nach bhfuil spota ag Farrell dó. Ach ó na himreoirí sin, níl mórán taithí rugbaí idirnáisiúnta acu (níl taithí ar bith ag roinnt acu). 

Thosaigh Kilcoyne 4/7 cluichí don Mhumhain i mbliana ach níor imir sé le hÉirinn ó Chraobh na Sé Náisiún anuraidh. Bhí sé gortaithe ar feadh tamaill, cinnte, ach is léir gur b’fhearr le Farrell Loughman, fiú nár imir sé go fóill le hÉirinn. 

Is é an scéal céanna le Ciaran Frawley. Bhí sé ainmnithe mar leathchúlaí clibirte amuigh don tréimhse cluichí seo gan nóiméad rugbaí idirnáisiúnta imeartha aige. Tharla sé sa samhradh nuair a ainmníodh Harry Byrne chun taistil go dtí an Nua-Shéalainn roimh Ross Byrne, Billy Burns, agus Jack Carty. Níl aon fhaitíos ar Farrell a rogha rud a dhéanamh agus tá an ceart aige. Ach teastaíonn tuilleadh doimhneachta i roinnt áiteanna ag an am céanna.