Chonaic mé ceann de na pictiúir ab fhearr de lúthchleasaí a chonaic mé riamh le deireanaí: Tayla Harris, a imríonn peile san Astráil, ard san aer agus í ag ciceáil cúl do Carlton Blues. Bhreathnaigh sí láidir agus cumhachtach. B’iontach an t-íomhá a bhí inti do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige i gcúrsaí spóirt.
Ach ar ndóigh, ní féidir breathnú mar sin ar phictiúr de bhean. Cuireadh an pictiúr in airde, agus taobh istigh de chúpla nóiméad bhí rudaí uafásacha, gáirsiúla á scríobh fúithi.
21 bliain d’aois atá an bhean óg seo, agus dúirt sí féin gur mhothaigh sí go raibh mí-úsáid gnéis á déanamh uirthi ar na meáin shóisialta. Chuaigh rudaí chun donais ansin, nuair a bhain lucht pheil na hAstráile anuas an pictiúr, agus d’fhoghlaim siad ceacht eile.
Is minic nuair a dhéantar ionsaí ar bhean, deirtear gur tharraing sí an trioblóid uirthi féin. Bhí a sciorta ró-ghearr, bhí sí ag gáire an iomarca, bhí sí le feiceáil. Nuair a tógadh anuas an pictiúr, b’shin an teachtaireacht a tugadh do Tayla Harris agus do mhná ar fud an domhain. Tharraing sí an foréigean uirthi féin. Sa deireadh, admhaíodh go raibh sé mí-cheart é a thógáil anuas, agus in áit sin, gur cheart níos mó ama a chaitheamh bóthar a thabhairt do na daoine atá ag maslú a gcuid imreoirí.
Níl sé ar an scála céanna ar chor ar bith, ach tugaim féin faoi deara go bhfuil difríocht sna deirtear fúmsa, i gcomparáid le mo chuid chomhleacaithe fear. Is iomaí uair a bhíonn ar na daoine atá ag plé leis na meáin shóisialta postálacha a bhaint anuas mar gheall ar rudaí gáirsiúla atá scríofa.
Ní tharlaíonn sé do na fir. Táim ag an staid go ndéanaim beagán machnaimh ar an éadach a chuireann mé orm féin sula dtéann mé ag an obair gach lá, ar fhaitíos go mbeadh mé ag tarraingt trioblóide orm féin. Go háirithe sa samhradh.
Mar shampla, nuair a bhí an teas aisteach sin againn an bhliain seo caite, bhí na fir ag dul thart i mbristí gearra, ach roghnaigh mise gan sin a dhéanamh ar fhaitíos go mbeadh tuilleadh á rá.
Cé atá mícheart? Mise, atá ag iarraidh suaimhnis, nó na daoine a chuir brú orm gan éadach compordach a chaitheamh ag an obair? Goilleann sé orm ar bhealach gur roghnaigh mé an bóthar éasca, ach ní féidir na cathanna seo a throid linn féin. Ní féidir le Tayla Harris an cath a bhuachan léi féin ach oiread.
Seo an áit go gcaithfidh daoine eile, idir fhir agus mhná, seasamh suas chomh maith agus tacú le daoine atá faoi ionsaí, in ainneoin nach bhfuil tada as bealach déanta acu ach liathróid a chiceáil go cumhachtach.
Tá rudaí ag athrú an-sciobtha agus is minic nach bhfuil a fhios againn céard ba cheart a dhéanamh. Níl ann ach “stop” a rá. Má dhéanann muid ar fad é seo, faoin am a bheidh an chéad ghlúin eile ag imirt, go mothóidh siad sábháilte, agus ní bheidh mná ar fud an domhain coinnithe ó chodladh na hoíche mar gheall ar rudaí a dúradh fúthu ar an idirlíon.