Agus Aeracha Uladh trí bliana d’aois, cad é mar atá ag éirí leo?

Beidh an chéad fhoireann CLG LADTAIÉ+ in Ultaibh, Aeracha Uladh, ag ceiliúradh trí bliana ar an fhód ar an mhí seo chugainn. Bunaíodh an cumann i mí Aibreáin 2022 chun deis a chur ar fáil do dhuine ar bith beag beann ar a ghnéasacht, a chreideamh, agus a náisiúntacht na cluichí Gaelacha a imirt in atmaisféar sábháilte gan bhreithiúnas.

Bhain an club daingniúchán amach leis an LGFA agus le CLG in Eanáir agus Feabhra 2024 faoi seach. Bhuaigh siad an duais ‘Club of the Year 2024’ ag an LGFA do 2024 agus tá an club i Roinn 3 de Shraith Aontroma i bpeil na mban.

Ar an mhí seo chugainn déanfar ceiliúradh ar thríú breithlá Aeracha Uladh agus ar na forbairtí atá déanta acu mar chlub. An bhfuil blitz ar na bacáin?

Labhair NÓS le cúpla ball den fhoireann faoin mhuintearas san fhoireann, sárimreoirí ar bith agus cad é mar a mhothaíonn sé a bheith páirteach ann.

Cathal: ‘Thosaigh mé leis an bhfoireann bliain ó shin i mí Eanáir 2024. Níor imir mé an spórt riamh agus mar gheall air sin bhí sé an-scanrúil ar dtús. Ach bhí an fhoireann an-tacúil agus tuisceanach maidir le mo leibhéal scile.’

Aoife: ‘Tá mé ag imirt le hAeracha Uladh le beagnach 3 bliana anuas. Bhi mé i láthair ón chéad seisiún traenála agus níor amharc mé siar ó shin! Cé gur fhreastal mé ar Ghaelscoil agus mé níos óige, níor ghlac mé páirt sna spóirt Ghaelacha riamh. Agus mé i mo dhuine fásta, bhí áthas orm go raibh foireann peil Ghaelach ann ina raibh imreoiri nár imir roimhe agus a chuir fáilte roimh an phobal LADTA+.’

Phléigh cuid imreoirí a rud ba mhó a tharraing iad i dtreo na foirne áirithe seo.

Cathal: ‘Chomh maith leis na buntáistí fisiciúla a bhaineann le bheith mar chuid d’fhoireann spóirt, thosaigh mé ar an spórt seo le mo chiorcal sóisialta a leathnú. Ceapaim, mar dhaoine LADTA+, go mbímid teoranta go minic maidir leis na deiseanna atá againn a bheith ag ceangal le daoine eile inár bpobal. Bhí an chuid is mó de mo naisc le daoine LADTA+ tógtha trí chlubanna oíche aeracha nó beáir, mar sin bhí sé ina athrú taitneamhach a bheith in ann bualadh le baill eile de mo phobal trí chlub spóirt.’

Eilís:  ‘An rud ba mhó a tharraing mé i dtreo Aeracha Uladh ná go raibh a fhios agam go raibh an club dírithe ar an phobal LADTA+. Nuair a chláraigh mé leis an chlub, níor tháining mé amach le mo chlann ar fad go fóill. Mar sin de, bhí an spás áirithe seo ina chuidiú mór dom ag an am chun níos mó muiníne a fhorbairt ionam féin agus i m’fhéiniúlacht agus bualadh le neart daoine óga eile in áit chompardach shábháilte fháilteach. Ní thiocfadh liom smaoineamh ar intreoir níos fearr isteach sa phobal ná an chlub seo. Taitníonn an pheil liom chomh maith agus bainim an-sult as a bheith mar chuid de spórt foirne ar bith le bheith ionraic.’

Aoife: ‘Tá atmaisféar an-speisialta in Aeracha Uladh. Tuigeann daoine aeracha an dóigh a mothaíonn sé a bheith ar an imeall nó as áit agus iad ag fás aníos. Ar an dóigh sin, tuigeann muid an tábhacht a bhaineann le caidrimh dhearfacha a thógáil eadrainn agus níor bhuail mé le scaifte daoine fásta níos cairdiúla i mo thuairimse.’

Pictiúr: Suaitheantas an chlub.

Maidir le ‘superstars’ ar bith an fhoireann, dúirt an triúr seo:

Cathal: ‘Bhuel, chan mise! Ach tá an oiread sin imreoirí iontacha ar an dá fhoireann – is cliché é, ach ní féidir liom aon duine amháin a roghnú. Tá an t-ádh dearg ar Aeracha Uladh go bhfuil an oiread sin imreoirí díograiseacha cumasacha acu.’

Aoife: ‘Is ‘superstars’ iad na daoine ar fad ar an choiste. Déanann siad gach rud a eagrú agus a bhainistiú ar dhóigh chomh gairmiúil sin go sílfeá go raibh pá ar fáil dóibh! Síleann cuid acu gur fíor-‘superstars’ iad chomh maith, agus iad ag canadh agus ag damhsa ar ardán Maverick!’

Eilís: ‘Tá foireann láidir chumasach amach is amach againn agus tá ról tábhachtach ag achan uile dhuine ach ó thaobh ‘superstars’ de, déarfainn go seasann Becky amach. Is roicéad í ar a luas agus neart féin agus tá sí iontach sciliúil sa pheil chomh maith. Is cinnte gurb é JR laoch an chlub, an bainisteoir ar na foirne LGFA agus CLG, cara agus tacaí mór de chuid an chlub, agus fear uasal. Tá muid féin (LGFA) ar bís le tosú i sraith Aontroma arís i mbliana agus neart baill nua againn i mbliana. Tá a fhios againn go mbeidh muid i lámha sábháilte muiníneacha, go bhfásfaidh muid le chéile go leanúnach agus go mbeidh áit sa chlub d’achan uile bhall mar gheall ar JR.’

Beidh le feiceáil cad é mar a éireoidh le foirne Aeracha Uladh i mbliana. Idir an dá linn, tá siad ag beartú imeachtaí ceiliúrtha agus blitz a eagrú le foirne eile le cur leis an cheiliúradh.

SCÉALTA EILE