Tugann an spórt fuascailt dúinn ón ngnáthshaol

Is minic a deirtear nach bhfuil mórán tábhacht sa spórt. Maítear nach bhfuil ann ach píosa siamsaíochta do na daoine atá ina bhun agus dúinne a bhíonn ag féachaint air.

Agus mé ag breathnú siar ar na himeachtaí agus ar na buaicphointí ón mbliain seo caite, tugaim faoi deara gur eachtraí spóirt is mó a luaitear agus daoine ag caint ar na rudaí a d’ardaigh a gcroí le bliain anuas. 

 Foireann haca na mban, éacht iománaithe Luimnigh, fathaigh an rugbaí, foirne peile Bhaile Átha Cliath, lúthchleasaithe óga na hÉirean — bhí neart ábhair againn in 2018.

Cén fáth gurbh iad na rudaí seo, atá bainte amach ag daoine nach bhfuil aon aithne againn orthu, a fhanann linn go minic? Cliseann ar an inchinn cuimhne a choinneáil ar an oiread rudaí, ach cuimhníonn muid ar an gcaoi ar mhothaigh muid nuair a ghnóthaigh ár bhfoireann cluiche mór, mar shampla. 

Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar an draíocht ar an gCeathrú Rua in 1998 nuair a tháinig Corn Mhig Uidhir siar chomh fada linn, agus muid ag damhsa agus ag ceiliúradh amach san oíche. 

Beidh cuimhne go brách agam ar an lá gur sheas mé sa slua i bPáirc an Chrócaigh, nuair a ghnóthaigh Gaillimh an cluiche ceannais iomána, faoi dheireadh, tar éis titim ar an bhfál rómhinic roimhe sin. 

Ar bhealach, imíonn an mhothú asat, ach téann mothúcháin go smior isteach ionat, agus fanann siad i do chroí go deo.

Deirtear le tuiscint a bheith agat ar chluiche, gur cheart neamhaird a dhéanamh ar an méid atá ag tarlú ar an bpáirc, agus breathnú ar an slua. An bhail a bhíonn orthu, iad ag mothú gach cic, gach imirt, gach bua, gach cailleadh. Tugann sé deis dúinn ar fad, daoine fásta ach go háirithe, eascaine a dhéanamh (téann cuid againn ró-fhada leis an gceann seo!), greim a choinneáil ar a chéile, barróg a thabhairt do strainséara, ríméad a cheiliúradh. 

Tá tú i dtreibh a thugann cead duit do mhothúcháin a thaispeáint, idir gháire agus chaoineadh. Tugann an spórt fuascailt dúinn ón ngnáthshaol ar feadh scaithimh, agus tugann sé misneach dúinn. 

Níl scéal Chon Chulainn fós á inseacht inniu mar gheall go raibh sé iontach ag iománaíocht. Maireann an scéal mar gheall ar na dúshláin a cuireadh os a chomhair, agus samhlaíonn gach páiste a iompraíonn camán go bhfuil cuid den laoch sin ann féin agus é ag foghlaim na ceirde. 

Caithfidh beagán den laoch a bheith ionainn ar fad chun maireachtáil sa saol seo. Taispeánann an spórt dúinn conas é sin a aimsiú. Níl an saol mór ag súil go mbuafaidh muid gach rud, ach corruair, éiríonn linn. 

Sin an fáth go bhfaigheann muid ar fad beagán ríméid ón ngrianghraf de Chian Lynch Luimnigh ar a chuid glúine i bPáirc an Chrócaigh agus an cath buaite aige. 

Ach, cosúil leis an saol, níl ann ach cath. Leanfaidh an cogadh ar aghaidh ar rollchóstóir an tsaoil sa mbliain atá amach romhainn, agus nach orainn atá an t-ádh go bhfuilimid beo chun an streachailt agus an ceiliúradh a dhéanamh i gcomhluadar a chéile lenár dtreibh. Sin an bua is mó atá ag an spórt.  

SCÉALTA EILE