Tuige nach dtugtar an aire chéanna do mharcach agus capall araon?

Is cuimhin liom agus mé i mo chailín beag ag breathnú ar rásaí capall ag déanamh imní don chapall agus an marcach á gleadhradh leis an lasc le tuilleadh luais a bhaint aisti. 

Arís agus arís eile, mínítear do dhaoine go bhfuil rialacha dochta ann chun an t-ainmhí a chosaint agus feictear coistí ag cur pionóis ar mharcaigh má sháraítear na rialacha sin. 

Ó thosaigh mé ag obair i réimse na síceolaíochta spóirt de, tá sé soiléir nach bhfuil an aire chéanna á tabhairt don mharcach, áfach. Gortaítear iad, bristear iad, cliseann ar a n-inchinn agus is minic iad ar leathmhaing leis an ocras. 

Dá ngabhfadh duine ar bith ag dochtúir nó ag síceolaí ag rá go raibh brú ollmhór orthu a gcuid meáchain a choinneáil ag leibhéal a bhí mí-nádúrtha dóibh agus go raibh siad ag rith thar timpeall na páirce agus mála dubh orthu, in iarracht tuilleadh allais a shileadh, déarfaí go raibh neamhord itheacháin ag dul dóibh.

Cinnte, tarlaíonn an rud céanna i spóirt eile cosúil leis an dornálaíocht, ach ar a laghad, tá deis ag an trodaí ithe agus ól tar éis a chuid meáchain a bheith tomhaiste. Níl rudaí chomh héasca sin ag an marcach. Meáitear iad roimh gach rás, fiú dá mbeadh sé cinn acu ar an lá céanna, ar an gcúrsa céanna. 

Bíonn siad lag, rud a chuireann i mbaol gortaithe iad. Buailtear a gcloigeann faoin talamh go fíochmhar. Os a chionn sin, cuireann an easpa bia agus fuinnimh go mór isteach ar an inchinn agus ar an aigne. 

Rith sé seo liom agus mé ag breathnú ar na sluaite ag déanamh a mbealach chuig rásaí Bhaile na Lobhar Lá an Dreoilín, agus na rásaí eile i Luimneach agus in áiteanna eile idir an Nollaig agus Lá Cinn Bhliana. 

In agallamh a rinne an marcach Timmy Murphy san Irish Independent níos túisce i mbliana, labhair sé faoina chuid iarrachtaí suas le 11 punt a chailleadh in aon lá amháin. Chuir sé drochbhail ar a chorp,  agus ar a chloigeann chomh maith. Smaoinigh ort féin agus an cantal a thagann ort agus ocras ort.

Anois, samhlaigh dul ag obair gach lá agus tú ocrach,  agus ag dul ar mhuin capaill láidir gan oiread áiméan uisce gaibhte thar do chuid liopaí. Tá go leor oibre agus taighde déanta ag an síceolaí spóirt Ciara Losty, ó Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge,  agus ag a cuid comhghleacaithe, le marcaigh.

I measc na rudaí ba scanrúla a fuair siad amach, ná gur mhothaigh os cionn 57% de na marcaigh a labhair siad leo, in ísle brí, nó go raibh an iomarca imní ag cur astu. Luíonn sé le réasún. 

Daoine óga, fir atá féinfhostaithe den chuid is mó atá iontu agus iad ocrach, lag, imníoch faoin obair, agus comhtholgadh fulaingthe acu. Má tá tú ag dul ag na rásaí, cuir ort do chóta trom, do ghúna galánta agus bain sult as. Ach ceistigh cén fáth nach bhfuil na marcaigh ag fáil na haire céanna agus atá na capaill. Beidh iniúchadh cuimsitheach ann má dhéantar aon mhí-úsáid ar ainmhí, agus sin mar is ceart. Tá faitíos orm, áfach, nach mbeidh an t-imní céanna ann do na daoine óga atá á stiúradh. 

SCÉALTA EILE