Tá Harold Flohr ina chónaí in Cambridge Shasana, áit a bhfuil sé i mbun dochtúireachta sa Ghaeilge. Tá súil ghéar á coinneáil aige chomh maith ar Chorn Rugbaí an Domhain atá ar siúl sa tír agus, anseo thíos, roinneann sé a chuid smaointe faoin chomórtas idirnáisiúnta rugbaí is mó go dtí seo…
“Beidh mé i Sasana do Chorn Rugbaí an Domhain,” b’shin an chéad rud a bhuail m’intinn nuair a tháinig mé chun cónaithe anseo go Cambridge, bliain ó shin.
Agus anois, tá an comórtas rugbaí is mó ar chlár na crúinne faoi sheol sa deireadh thiar thall.
Bhí mé ann cheana nuair a bhí sé sa Bhreatain Bheag (1999) agus arís sa Fhrainc (2007).
Chuaigh mé fiú chuig an Nua-Shéalainn ceithre bliana ó shin ar feadh míosa le haghaidh chluichí na ngrupaí.
Agus cé go raibh an comórtas dochreidte maith an uair sin – agus an Nua-Shéalainn chomh cairdiúil agus chomh maith paiseanta mar a bhí riamh – tá an corn domhanda seo difriúil, níos mó, níos tábhachtaí agus níos ‘príomhshrutha’ ar dhóigh éigin.
Ba iad na ‘Cíobhaíonna’ a chuir tús le coincheap an choirn féin siar sna 1980í.
Bhí a fhios acu go maith gurbh iad an náisiún uachtarach sa rugbaí agus ní raibh cluichí ann in aghaidh na hAfraice Theas ag an am (bhí cosc ar an tír mar gheall ar chinedheighilt).
Ní raibh mórán gaisce le déanamh acu chun an chéad chomórtas sin a thabhairt leo in 1987.
Ar feadh i bhfad tar éis sin ní raibh an t-ilchomórtas idirnáisiúnta chomh cuimsitheach ná mórthaibhseach sin ach anois, beagnach 30 bliain i ndiaidh an túis, tá an comórtas i bhfad níos proifisiúnta, i bhfad níos ildaite, i bhfad níos mó agus i bhfad níos tábhachtaí ar gach leibhéal.
Céard faoi atmaisféar chomórtas na bliana seo mar sin?
Ní raibh an bholscaireacht roimh an gcomórtas ró-ghlórach, níor ghabh rugbaí ionad an tsacair anseo i Sasana, ná baol air, fiú seachtain roimh thús na gcluichí.
Ach go díreach roimh an gcluiche oscailte Dé Luain seo caite, dhúisigh Sasana agus tá an spleodar ag ardú beagnach gach lá ó shin.
Tá an t-atmaisféar sna staideanna éagsúla difriúil go leor ó chluichí na Sé Náisiún.
Tá pobail agus tíortha nua i gceist, ar ndóigh, agus tá rud iontach fós faoi na mílte Francach ag canadh ‘La Marseillaise’ i Twickenham, na ‘Fields of Athenry’ á scairteadh amach ag 89,000 duine in Wembley inné (an tinreamh is mó riamh do chluiche sa chorn domhanda) nó fiú ‘Swing Low Sweet Chariot’ I gcoinne na Breataine Bige.
Cé go mbíonn an meascán idirnáisiúnta sin ag gach corn domhanda, tá faobhar sa bhreis ar chomórtas na bliana seo le tráchtaireacht dhíocasach sna páipéir agus i measc an lucht leanúna.
Cén fáth sin?
I dtosach, tá Sasana i ngrúpa fíor-dheacair, ‘Grúpa an Bháis’ atá níos deacra arís eile tar éis bhua Cymru orthu ag an deireadh seachtaine.
Mar sin ní raibh orainn fanacht go dtí na cluichí díbeartha chun spleodar le blaosc trumpaí a fháil.
Ar a bharr sin, tar éis drochshamhraidh, tá an aimsir féin ag feabhsú fiú amháin.
Agus ansin, cúis amháin eile… an tSeapáin!
Le bua na ‘Brave Blossoms’ in aghaidh na Springboks, d’athraigh an ócáid ar fad.
Tá an grúpa ‘sothuartha’ seo oscailte ar fad anois le ceithre fhoireann in ann teacht amach as go réalaíoch fós (Alba, an Afraic Theas, Samoa agus an tSeapáin).
Ach thar sin, mheall bua na Seapáine suim agus aird daoine nach spéis leo rugbaí go hiondúil.
Cairde liom nach bhfuil dúil acu sa spórt ag cur teachtaireachtaí chugam faoin mórshuaitheadh seo.
Ag an am céanna, tá spiorad an rugbaí beo i measc an lucht leanúna: Tar éis an chluiche sin bhí leantóirí an dá náisiún ag dul i scuaine i stáisiún traenach i London nuair a rinne muintir na hAfraice Theas garda onóra (dhá líne mar a bhíonn ag deireadh cluiche rugbaí) do na Seapáinigh!
Meas agus aontas lucht an spóirt seo.
Ó shin i leith tá gach duine ag fanacht le hiontas eile i ngach cluiche agus bhí deacrachtaí fiú ag na hAll Blacks in aghaidh na Namaibe uaireanta – an seo bliain na n-íochtarán?
Agus in Éirinn, bhuel, bhí dóchas mór ann roimh thús an chomórtais, d’ainneoin droch-chluichí in aghaidh Shasana agus na Breataine Bige agus athbheochan na Fraince.
Anois le dhá bhua éasca faighte acu tá an-tús curtha acu le corn an domhain agus cuma ullmhaithe agus réidh ar an bhfoireann.
Le Joe Schmidt tá an bainisteoir is cliste ar domhan ag Éirinn, deirtear, agus tá na himreoirí atá múnlaithe aige i measc na n-imreoirí is gairmiúla dá bhfuil ann, ar gach leibhéal.
Deirtear go minic go bhfuil imirt an rugbaí cosúil le ceolchoirm shiansach.
16 bliain ó shin, ag corn an domhain 1999, bhí Éire ag imirt mar a bheadh céilí ann: go leor mothúchán, grá agus craic, ach easpa eagair agus struchtúir ann.
Anois seans maith gurb í Éire an fhoireann is struchtúrtha ar domhan.
Bíonn a fhios ag gach imreoir i gcónaí cén treo le rith, cén saghas uillinne le cur leis agus cén luas.
Ceolchoirm spóirt, dáirire.
Agus, mar is gnáth, má bhí súil ag na Sasanaigh go mbeadh tacaíocht mhuintir na háite ann chun cabhrú leo, thaispeáin na hÉireannaigh (agus na hAlbanaigh) cheana féin go bhfuil níos mó ná náisiún amháin ag imirt sa mbaile ag an gcorn domhanda seo.
Tá fíor-chreidiúint ag go leor foirne anois go mbeidh siad in ann dul chun cinn suntasach a dhéanamh sna seachtainí amach romhainn, Éire go mór mór.
Tar éis an tsaoil, más féidir leis an tSeapáin bua a bhreith ar an Afraic Theas, cén fáth nach mbéarfadh foireann na hÉireann bua ar an Nua-Shéalainn (den chéad uair ariamh) sa chluiche ceannais…?