Tá bua ag an duine daonna go bhfuil sé i gcumas aige nó aici bheith ag foghlaim agus ag feabhsú i gcaitheamh a s(h)aoil.
Agus í anois in aois 25, bheartaigh ár gcolúnaí Ciara Ní Éanacháin litir a scríobh chuici féin, agus a roinnt le léitheoirí NÓS, le go mbeadh sí ina spreagadh acu don lá inniu agus don uile lá romhainn sa saol!
Ní lia duine ná tuairim. Ach is liath an duine nach nochtann a thuairim. Ná bí liath.
Caith cibé dathanna is mian leat a chaitheamh. Bí ildaite.
Síolróidh fiaile ó gach bréag a chuireann tú i do ghairdín. Ná cur bréaga, agus is bláthanna amháin a fhásfaidh.
Má fhágtar i do shuí ag bord i d’aonar thú, déan iarracht gan breathnú ar Facebook, Instagram, Twitter, Snapchat, Whatsapp, nó fiú Tinder. Féach timpeall. Déan rud. Tar ar phlean. Má bhíonn tú ann, bí ann.
Bí oscailte. Ní i gcónaí a tharlóidh rudaí ar an gcaoi ar shamhlaigh tú. Is rud maith é sin.
Labhair leis an gcailín álainn sin. Mura bhfuil sé de mhisneach ag duine éigin labhairt léi, ní labhróidh sí le héinne.
Éist leis an éan atá ag canadh i do chroí. Is é a cheol-sa a phreabann i do chuisle, agus a dhéanann pian ionat nuair nach ligtear amach é. Lig amach é, nó gheobhaidh an t-éan bás. Ansin ní bheidh aon cheol ionat.
Má chaitheann daoine go deas leat, abair leo. Mura gcaitheann daoine go deas leat, abair leo, nó seachain iad.
Ach ná déan fulaingt! Gheobhaidh gach éinne bás.
Ní inniu, b’fhéidir. Amárach, b’fhéidir.
An bhfuil fonn ort labhairt leis an gcailín álainn anois?