5 tháirge áilleachta do 2018

Bhí neart nósanna áilleachta le sonrú le 12 mí anuas, ó mhalaí ar mire go gealra sa ghruaig.

Seo na táirgí ar tháinig mise orthu anuraidh agus a leanfaidh mé orm á n-úsáid le linn 2018.

Bainigí triail astu chomh maith sa bliain úr amach romhainn!


1. Sprae Aghaidhe: Mario Badescu

Chualathas neart ón réimse cúram cnis Mario Badescu sa bhliain 2017.

Tá na táirgí saor go leor agus tá réimse leathan díobh ann.

Sin ráite, caithfidh mé a rá nach bhfuil mé féin go hiomlán gafa le táirge ar bith dá gcuid seachas an ‘Facial Spray With Aloe Herbs And Rosewater’.

Níl rud ar bith níos deise ná seo ar chraiceann tirim agus teann i ndiaidh duit teacht amach ón chithfholcadh.

Ní thiocfadh liom bheith gan an táirge seo anois agus tá an boladh galánta!


2. Cúram Cnis: Environ

Thosaigh mé ag baint úsáide as an chúram cnis Environ le cúpla mí anuas agus ní thig liom a chreidiúint an difear atá ar mo chuid craiceann.

Is féidir barraíocht táirgí agus réimse difriúil a úsáid ach ní maith leis an chraiceann seo.

Bhí an fhadhb seo agam féin agus anois ní bhainim úsáid ach as an chúram cnis seo.

Tá Environ lán de Vitimín A, rud a choinníonn an craiceann sláintiúil agus teann.

Tá mé ag dúil le níos mó a fhoghlaim faoin réimse seo in 2018!


3. Scáthú Súl: Modern Renaissance Eyeshadow Palette

Cé go bhfuil an pailéad seo ó Anastasia Beverly Hills thart ó bhí 2016 ann, ní bhfuair mé féin gréim air ach i mbliana.

Tá na dathanna chomh galánta sin agus foireann siad dá chéile go mór mór.

An rud atá i gceist agam ná gur féidir, a bheag nó a mhór, cibé dath a chur le chéile ar do shúile agus rachaidh siad go deas le chéile.

Ní minic a tharlaíonn sé sin in aon phailéad amháin.

Tá mé go hiomlán gafa leis agus beidh mé ag ceannacht ceann eile nuair atá an pailéad atá agam caite.


4. E45 – Maothóir

Tá cuid mhór airgid caite agam ar mhaothóir coirp le blianta anuas ach is cinnte gurb é seo an ceann is fearr liom.

Cuirim maothóir orm gach oíche agus fágann sé mo chraiceann deas bóg agus mín – rud a chuidíonn go mór leis an donnú bréige dul air go cothrom chomh maith.

Is breá liom an maothóir seo ó E45 mar nach bhfuil boladh ar bith uaidh, tá sé furasta é a chur ort agus cuireann sé deireadh leis na spotaí tirime sin a bhíonn ort in amanna.

Simplí agus éifeachtach!


5. Makeup Forever – Bonnsmideadh

Is cinnte gurb é seo an bonnsmideadh is fearr liom i mbliana.

Téann sé ar an chraiceann go deas cothrom agus níl mórán measctha de dhíth air.

Mothaím go gcuireann sé cuma gan locht ar an chraiceann s’agam agus ní féidir sin a bhualadh!

Sin ráite, fóireann sé go mór do mo chraiceannsa ach ní mholfainn é má tá craiceann olach agat.

Déan cinnte go gceannaíonn tú táirgí atá ag foirstean duitse.