Tá Seachtain na Gaeilge fós faoi lán seoil agus cuid de na brandaí is aitheanta sa tír ag glacadh páirt fhonnmhar sa cheiliúradh.
Ceann acu sin ná an comhlacht t-léinte Corcaíoch, HairyBaby, a bhfuil clú bainte amach acu le 10 mbliana anuas mar gheall ar a línte éadaí a bhfuil stíl, greann agus Éireannachas comhaimseartha ag baint leo.
Gach seans go bhfuil ‘Did you turn off the immersion’ nó ‘I’m a savage for bacon and cabbage’ feicthe agaibh scríofa ar uchtanna roimhe seo ach tá gné láidir Ghaelach ag earraí HairyBaby chomh maith.
I measc na dt-léinte Gaeilge atá déanta acu go dtí seo tá ‘An bhfuil tusa ag labhairt liomsa?’, ‘Seanscoil’ agus ‘Tá trioblóid ag teacht’ le haghaidh leanaí, agus ó tharla gur SnaG atá ann tá béim ar leith á cur acu faoi láthair ar an teanga.
“Bhraith muid nuair a bhunaigh muid HairyBaby go raibh géarghá ann le haghaidh íomhá eile d’Éirinn seachas seamróga agus leipreacháin,” arsa Daragh Murphy, bunaitheoir HairyBaby.
“Chuir muid an coincheap chun tosaigh go n-oibreodh ár dteanga náisiúnta ar t-léinte agus bhí a fhios againn go mbeadh suim ag daoine óga ann, daoine nach réitíonn an cur chuige seanfhaiseanta leo.”
Is léir go raibh an ceart acu i bhfianaise an fháis atá tar éis teacht ar éadaí Gaeilge do gach aoisghrúpa.
“Is é éiteas an bhranda go gcaithfidh gach rud bheith iomlán Éireannach, ón téacs ar na t-léinte agus na grafaicí go dtí an suíomh idirlín,” a mhíníonn Daragh.
“Bíonn nasc le hÉirinn ann i gcónaí, bíodh sé mar thagairtí do scannáin agus cláracha teilifíse, cultúr comhaimseartha, teanga nó cuimhní cinn ár n-óige.
“D’eisigh muid líne nua t-léinte do pháistí le déanaí, ‘Alphabet As Gaeilge’, a mheascann Béarla agus Gaeilge ar bhealach spraíúil oideachasúil agus chuir an t-aischothú dearfach a fuaireamar lúcháir an domhain orainn.
“Go bunúsach, déanaimid t-léinte as Gaeilge mar go bhfuil an teanga cúláilte.”
Ní fhéadfadh muid é a chur ar bhealach níb fhearr!
Tá an réimse leathan d’éadaí Gaeilge atá ar fáil ag HairyBaby le feiceáil ar hairybaby.com