Ag dathú béil

Is iomaí stíl a fheictear ar an ardán mainicíní nach dtagann chomh fada linn ar an tsráid. Ach cad a cheapann sibh faoin stíl nua béaldatha seo a chuireann cuma smeartha ar do bhéal? Fiosraíonn Ciara Ní É an nós is déanaí i ndomhan an fhaisin…


Conas a choinníonn mná áirithe a gcuid béaldatha chomh foirfe sin?!

Níl freagra na ceiste sin agam pé scéal é.

Cúis mhór amháin a gcuireann bac orm béaldath a chaitheamh ná go smearann sé go héasca.

In áit a bheith ag baint sult as cibé cóisir ag a bhfuil mé, is féidir liom brath ón nóiméad a chuirim an diabhal dath ar mo bheola nach mbeidh mé ar mo chompord.

Gafa le smaointe a bheas mé, faoin mbéaldath a bheith ag dathú an chuid eile de m’aghaidh nó faoi mo chuid fiacla a bheith á ndeargadh de réir mar a théann an oíche ar aghaidh.

Ag ithe nó ag ól, is éasca é a lot.

Agus má fhágtar rófhada é gan maise beag is féidir a bheith cinnte de go mbeidh drochchuma ar fad air.

Sin gan trácht ar an slad iomlán a dhéanann póg mhór mhaith ar aon bhéaldath!

Bhuel, má bhíonn tú ag streachailt leis an mbéaldath, mar mise, tá dea-nuacht agam duit.

Tá béaldath smeartha i réim!

Tháinig an stíl nua béaldatha smeartha seo chun cinn den chéad uair i mbliana agus í le feiceáil go fairsing ag seó faisin an fhómhair Preen.

An smideoir iomráiteach Val Garland (a d’oibrigh le Lady Gaga, a tháinig i réim go mór le MAC, agus atá ag obair le L’Óréal faoi láthair) a chruthaigh an nós nuálach.

Snog lips atá á thabhairt air.

Fad is atá muid ag fanacht ar an moladh oifigiúil ón gCoiste Téarmaíochta, céard a cheapann sibh faoi ‘Beola na hIarphóige’ i nGaeilge?!

Cuireann an nós nua seo an scannán Lolita i gcuimhne dom.

I radharc amháin, fágann Humbert Lolita i seomra an óstáin ina haonar, agus é ag ceapadh ar filleadh dó go raibh sí le fear eile fad is a bhí sé imithe.

Maíonn Lolita nach ndearna sí tada, ach bíonn amhras ar Humbert agus thuigfeá cén fáth!

Íomhá láidir an radhairc ná an dathú béil atá smeartha ar a beola.

Dar ndóigh léiríonn béaldath Lolita a gnéasacht agus a mianta féin ag teacht i dtreis – agus is amhlaidh an scéal leis an stíl nua seo.

Dúirt Garland gur spreagadh í i mbun cruthaitheachta agus an nath ‘walk of shame’ ar intinn aici.

Léiriú atá ann ar láidreacht na mná, ar féidir léi duine a phógadh, gan náire, agus an béaldath a fhágáil smeartha ar a haghaidh.

Agus muid ag plé dathú béil, tá Garland tar éis céim eile a thógáil ar an aistear seo agus an tsrón agus an smig a tharraingt isteach sa scéal fiú!

A post shared by ValGarland (@thevalgarland) on

Stíl í a bheadh an-úsáideach ag na féilte ceoil, dar liom!

Anois, má fheiceann tú duine le béaldath nó gealra smeartha ar a haghaidh, beidh sé deacair a mheas an póg nó faisean is cúis leis.


*Buíochas mór le Jenny ón Choiste Téarmaíochta a mhol ‘Beola Pógtha’ do ‘Snog Lips’. Beola pógtha abú!

SCÉALTA EILE