An-díol ar t-léinte Gaeilge

Tá t-léinte a bhfuil frásaí nó focail Ghaeilge orthu i measc na léinte is mó díol ar an suíomh hairybaby.com i mbliana.

Is siopa aitheanta t-léinte Éireannacha é Hairy Baby agus d’fhoilsigh siad liosta le déanaí de na 16 t-léine shárdhíola d’fhir agus do mhná go dtí seo in 2o16.

Tá ár dteanga dhúchais le feiceáil ar 30% acu.

As na 16 t-léine ban is mó díol, tá beagnach leath acu (seacht gcinn) ann a bhfuil focail Ghaeilge orthu.

Astu seo tá ceithre cinn atá i nGaeilge amháin: an frása ‘Is maith liom cáca milis’; ‘Ní chuireann aon duine Baby sa chúinne’ ón scannán Dirty Dancing; an líne ó The Princess Bride, ‘Dia duit, Inigo Montoya is ainm dom, mharaigh tú m’athair, bí réidh chun bás a fháil’; agus ‘Bean Iontach’, atá deartha ar stíl Super Woman.

t-leinte-ban

Tá trí cinn eile ann atá dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.

Maidir le t-léinte na bhfear, tá trí cinn le Gaeilge orthu i measc na 16 sárdhíola.

Suimiúil go leor, is le Star Wars a bhaineann siad uilig le ‘Luke, Is Mise d’Athair’ ann, chomh maith le cúpla ceann dátheangach leis an fhrása ‘Go nÉirí an Fórsa Leat’.

t-leinte-fear

“Is teanga chúláithe í an Ghaeilge dar linne,” arsa Daragh Murphy, bunaitheoir Hairy Baby.

“Bhí a fhios againn nuair a chuir muid tús lenár dt-léinte as Gaeilge go mbeadh suim ag daoine iontu, daoine nach réitíonn an cur chuige seanfhaiseanta leo ach a bhfuil rud éigin chomhaimseartha ag teastáil uathu.

“Tá an fhírinne sin le feiceáil sa mhéid is go bhfuil tóir mhór ar na t-léinte Gaeilge i gcónaí agus go bhfuil cuid mhaith acu i measc na dt-léinte is mó díol ar an siopa i mbliana.”

Go leana an treocht agus go gcuirtear léi!


Is féidir liostaí sárshíola iomlána Hairy Baby a fheiceáil anseo.

SCÉALTA EILE