An íomhá den Éireannach a d’fheicfeá ar chárta poist: duine le craiceann geal, gruaig rua agus bricíní.
Cé nach fíor go bhfuil gruaig rua ag formhór na nÉireannach, is iomaí duine ar an oileán a bhfuil bricíní acu,
Nó ‘póigíní gréine’, ‘breicní’ nó cibé téarma a úsáideann tú féin!
Cloistear daoine ag casaoid faoina mbricíní, agus ag iarraidh iad a chlúdach le smideadh.
Is minic a dhéanann daoine a bhfuil gruaig chathach orthu é á díriú, nó a chaitheann daoine a bhfuil craiceann geal acu donnú bréige – bímid de shíor sa tóir ar an rud nach bhfuil againn.
Tá fírinne sa ráiteas mar sin gur glas iad na cnoic atá i bhfad uainn.
Fad is atá cuid againn in Éirinn ag iarraidh fáil réidh lenár mbricíní, tá daoine nach bhfuil bricíní acu ag iarraidh iad a fháil!
Deirtear go bhfuil siad éagsúil is gleoite, agus go gcuireann siad cuma na hóige ar dhaoine.
Tá cúpla bealach le bricíní bréagacha a dhéanamh, idir shealadach agus bhuan:
Peann
An chéad rogha, agus an ceann is simplí, ná iad a tharraingt.
Úsáidtear pionsail malaí len é a seo a dhéanamh go hiondúil.
Fadhb amháin a bhaineann leis sin ná go bhféadfadh sé smearadh go héasca le linn an lae.
Is de dheasca na faidhbe sin a bunaíodh Faux Freckles (féach thíos).
Greamáin
I ndáiríre is cineál greamáin iad na bricíní bréagacha a dhíolann an suíomh idirlín Faux Freckles.
Oibríonn siad ar an modh céanna a oibríonn na tatúnna bréagacha a úsáideann páistí.
Díoltar iad i ndonn dorcha, donn níos eadroime agus i ndathanna lonracha freisin!
Tatú
https://www.instagram.com/p/BRXICR3BuKH/?taken-by=sydneydyercosmetics
Táthar ann a théann céim níos faide ná sin fiú agus a chuireann bricíní orthu féin go buan le tatúanna.
OUCH – bricíní gréine na péine!
Sea, ní hiad coirpigh i bpríosún amháin a fhaigheann tatúnna ar a n-aghaidheanna a thuilleadh!
Sa phictiúr thuas tá Sydney Dyer, Ceanadach mná a oibríonn mar ealaíontóir tatúnna agus atá chomh sásta lena cuid oibre gur chuir sí ar a haghaidh féin é!
Thosaigh sí amach ag déanamh tatúnna de mhalaí, agus lean na bricíní ó shin.
Dar léi gur gá a bheith cúramach le tatúnna bricíní agus go bhfuil níos mó i gceist ná ciorcail a tharraingt.
Is gá iad a bheith ar an dath ceart don té atá á bhfáil, agus go mbeadh tomhais éagsúla ann le cuma nádurtha a chur orthu.
#AstroFrecks
https://www.instagram.com/p/BbK5c5WD3gK/?taken-by=magickbrows
Má tá bricíní agat cheana féin is cinnte gur imir tú an cluiche inar tharraingt tú línte eatarthu, ag iarraidh cruth éigin a dhéanamh astu.
Bhuel, anois tá leagan nua den chluiche sin tagtha ar an saol!
Is féidir íoc as réaltbhuíon a fháil atá curtha i bhfolach i measc na dtatúnna de bhricíní a fhagheann tú ar d’aghaidh.
Sea, dáiríre.
Cad eile is féidir linn a dhéanamh le bricíní agus bricíní bréagacha?
Má tá smaoineamh agat féin bí cinnte teacht chugam agus cuirfimid tús le comhlacht nua. Tá daoine ag fanacht orainn lena gcuid airgid a chaitheamh…!
Tá Ciara ar Twitter @MiseCiara