Agus an fuacht, an fhearthainn agus na tráthnónta gearra buailte linn, cuirfimid fáilte roimh chóisirí Nollag, scailtín fíona agus feisteas a chuireann le spiorad an tséasúir.
Idir gheansaithe, ghúnaí agus bhrístí Nollaigiúla, tá réimse leathan feisteas ar fáil don té ar mhaith leis nó léi splanc stíle a chur le cóisir oibre, teacht le chéile nó fiú leis an lá mór féin.
Is é an comhlacht ‘Want that Trend’ a sholáthraíonn an feisteas Nollaigiúil faiseanta seo, a bhfuil an-tóir go deo air faoi láthair.
“Stíl na gceiliúrán ar chostas réasúnta” is ea cur chuige an chomhlachta, atá lonnaithe sa Bhreatain Bheag agus i gCeanada.
Cé nach fios dúinn faoi chaighdeán an fheistis, caithfear glacadh lena ráiteas faoina bheith “réasúnta” ó thaobh costais de.
Níl aon cheann de na píosaí Nollaigiúla seo thar €30.
Déanann mainicín na gruige finne margaíocht ar an fheisteas séasúrach ar Facebook trí fhéinphiceanna a chur in airde, ar annamh a haghaidh le feiceáil iontu.
Don té atá cróga, tá réimse nua gúnaí ar dhathanna éagsúla le hainmneacha greannmhara ar fáil, mar atá ‘Maróg na Nollag’, ‘An Nollaig Scléipeach’ nó ‘An Phiongain Luascach’.
Dóibh siúd arb fhearr leo bríste tanaí, tá dearaí ildathacha ar fáil a shamhlófá le páipéar beartán, amhail ‘Bríste Dhaidí na Nollag’ thíos.
Ní dhéantar dearmad ar ár gcara ‘Geansaí na Nollag’ ach an oiread, arbh fhada é mar rogha stíle an tséasúir.
Aitheanta mar an t-éadach is mó tóir le linn an tséasúir cheiliúrtha le roinnt blianta anuas, agus tús áite tugtha don gheansaí Nollaigiúil ba ghreannmhaire agus ab áiféisí, ba chuma cé chomh gránna is bhí sé.
Seasann roghanna fhear an Late Late, Ryan Tubridy, amach thar na blianta ar chúis éigin, ach bhí óg agus aosta tarraingthe le chéile san iarracht.
Beidh daoine atá dílis don gheansaí sásta a chloisteáil go bhfuil an rogha sin ar fáil i dtólamh ag ‘Want That Trend’.
Seans go mbeidh roinnt tuismitheoirí sásta a chloisteáil chomh maith nach do dhaoine fásta amháin atá an feisteas seo agus freastal a dhéanamh ar leanaí faoi bhun trí mhí fiú!
Féach ar a thuilleadh anseo!