Caith na héadaí a chuireann áthas ort

An raibh a fhios agat gur féidir leis na héadaí a chaitheann tú tionchar a imirt ar an spion atá ort féin agus ar dhaoine eile?

Ón phaindéim COVID-19 a tháinig an téarma ‘dopamine dressing’. Is cuimhin linn ar fad a bheith sáinnithe sa teach, os comhair scáileáin, ag obair nó ag freastal ar an “ollscoil” i gculaith oíche a raibh sciúradh ceart de dhíth uirthi. Bhí i bhfad níos mó ná ár bpitseámaí ag cur drochspion orainn ar ndóigh, ach ní raibh an drochfheisteas ag cuidiú lenár gcúis ach an oiread.

Má éiríonn tú ar maidin agus má chuireann tú éadaí ort féin a mothaíonn tú go maith iontu, beidh tú níos muiníní agus réidh chun aghaidh a thabhairt ar an lá atá os do chomhair amach. Bíonn tionchar aige seo ar an dóigh a mbíonn muid ag déileáil le tascanna laethúla, ar an dóigh a mothaíonn muid ar an taobh istigh agus ar an dóigh a bpléann muid le daoine nua. Is minic a théann an borradh muiníne seo i bhfeidhm ar an dóigh a gcaitheann daoine linn dá bharr.

Má chuireann tú 10 mbomaite breise iarrachta isteach ar maidin, beidh 10 n-uair an chloig níos fearr agat ina dhiaidh!

Ceanglaíonn a lán daoine an coincheap seo le dathanna geala, agus is cinnte go gcuidíonn dathanna ar leith leis an tál dopaimín. Má chaitheann tú éadaí gealbhuí, mar shampla, is mó an seans go mbeidh tú féin agus na daoine a mbeidh tú ag plé leo níos sásta mar léiríonn buí sonas agus dóchas. Cuirfidh éadaí oráiste go leor fuinnimh ionat agus cuirfidh éadaí bándearga ar do shuaimhneas thú.

(Creidmheas: Tima Miroshnichenko)

Cé gur bealach iontach iad dathanna geala chun áthas a thabhairt isteach i do vardrús agus gur fiú smaoineamh ar dhathanna éagsúla an chéad uair eile a cheannaíonn tú éadaí nua, bíonn sé deacair iad a phéireáil le rudaí atá i do vardrús cheana féin agus bíonn sé measartha scanrúil do dhaoine iad a chaitheamh muna bhfuil siad cleachta leo.

Más duine thú a chaitheann go leor dathanna neodracha, is féidir do chic dopaimín a fháil trí uigeachtaí difriúla a chaitheamh amhail veilbhit, sról nó svaeid, nó trí phatrúin ar nós polcaphoinc nó prionta liopaird. Tá gúnaí agus barra coirníneacha i bhfaisean go mór mór faoi láthair fosta; iontach Ibiza-esque agus muid ag teannadh le tús an tsamhraidh.

Ná déan dearmad ar na hoiriúintí! Is maith liomsa mé féin a chur in iúl trí sheodra a chaitheamh agus ní théim áit ar bith gan mo bhriochtbhráisléad a bhfuil go leor comharthaí beaga air. Duille darach a sheasann do mo chontae dúchais, clárchaipín a cheannaigh mo mhamaí dom nuair a bhain mé céim amach anuraidh agus mo chloch bhreithe: an rúibín. Tugann na rudaí beaga seo pearsantacht do gach feisteas a chaithim agus is furasta a bheith ag spraoi thart le fáinní cluaise nó muincí ildaite muna bhfuil go leor dathanna geala i do vardrús agat. Is breá liom airgead agus ór a mheascadh chomh maith.

Ní bhaineann ‘dopamine dressing’ le do chuid éadaí amháin. Tá sé chomh héasca le triail a bhaint as béaldath nua, dath nua mascára nó luisne bhréige, nó fiú do mhalaí a scuabadh agus cruth nua a chur orthu. Cibé rud a mhothaíonn go maith ort agus a thugann muinín duit.

Is é an borradh muiníne seo an rud is tábhachtaí. Caith na héadaí a chuireann áthas ort, bain triail as rud éigin difriúil agus ní fada go dtiocfaidh spion níos fearr ort.

SCÉALTA EILE