Caitlín & Gaeil Fhaiseanta eile

Beidh ionadaíocht láidir ag na Gaeil ag Gradaim Stíle VIP Peter Mark 2016 agus aitheantas tugtha do cheathrar réalta i saol na Gaeilge ar ghearrliosta na bliana, a fógraíodh le déanaí.

Tá an bheirt láithreoirí Daithí Ó Sé agus Eoghan Mac Diarmada ainmnithe sa rannóg ‘An Fear is Faiseanta’ agus fuair spéirbhean RTÉ Bláthnaid Tracey ainmniúchán sa rannóg ‘Cuma na Bliana.’

Is í láithreoir aimsire TG4 Caitlín Nic Aoidh an Gaeil is óige le bheith aitheanta ag na mórgradaim stíle sa rannóg ‘Pearsa Nua is Faiseanta’.

Ag labhairt di le NÓS, dúirt Caitlín gur tháinig an t-ainmniúchán aniar aduaidh uirthi agus gur onóir mhóir di é a fháil.

“Ní raibh mé ag dréim leis ar chor ar bith ach is mór an onóir dom í an deis seo a fháil,” arsa cailín Chloch Ceann Fhaola.

Tá Dee Devlin, atá ag dul amach le Conor McGregor, i measc an ochtair eile a fuair ainmniúchán sa rannóg chéanna.

Déanann Gradaim Stíle VIP ceiliúradh ar na mná agus fir “is faiseanta” sa tír gach bliain.

Is ag an pobal atá an rogha na buaiteoirí a roghnú as cúig rannóg ar leith; ‘An Fear is Faiseanta’, ‘An Bean is Faiseanta’, ‘Pearsa Nua is Faiseanta’, ‘Cuma na Bliana’ agus ‘An Pearsa is Mó Tionchar ar Líne’ – rannóg nua i mbliana.

Anuraidh rinne Fiona Ní Fhlaithearta, comhghleacaí aimsire Caitlín, ionadaíocht ar na Gaeil sa rannóg chéanna ag Gradaim Stíl VIP 2015.

Beidh an ócáid bhronnta ar siúl Dé hAoine 6 Bealtaine 2016 san Marker Hotel, BÁC.


Is féidir vóta a chaitheamh ar son na nGael faiseanta go dtí 4 Bealtaine anseo.

SCÉALTA EILE