Ar 24 Aibreán 2013, maraíodh 1,134 duine agus gortaíodh breis agus 2,500 nuair a thit monarcha mhór éadaí i bpríomhcathair na Banglaidéise, Dhaka.
Ba í an eachtra uafásach sin a spreag Lá na Réabhlóide Faisin (Fashion Revolution Day), a bhíonn ag tarlú anois gach 24 Aibreán in ómós na ndaoine a fuair bás sa tragóid.
An sprioc atá ag an fheachtas seo ná aird a tharraingt ar earnáil dhomhanda na n-éadaí, go háirithe ar na droch-choinníollacha ina mbíonn na céadta míle oibrí faisin ag obair ar fud na cruinne ó lá go lá.
Is i dtíortha i mbéal forbartha atá mórchuid na monarchana a sholáthraíonn éadaí do shiopaí san iarthar lonnaithe agus is minic a bhíonn fadhbanna móra slándála, eiticiúla agus pá iontu.
Le dornán blianta anuas tá brú á chur ar chomhlachtaí agus ar bhrandaí faisin a gcuid soláthróirí a fhoilsiú go poiblí agus tá ainmneacha móra na hearnála ar nós H&M, Adidas, Zara agus Primark ina measc siúd atá tar éis glacadh leis an pholasaí trédhearcachta.
“Ná déan dearmad: nuair a cheannaíonn tú rud éigin tá tú ag caitheamh vóta ar a shon,” arsa Rosie O’Reilly, an dearthóir atá taobh thiar den eagras Re-dress, a eagraíonn imeachtaí Fashion Revolution anseo in Éirinn.
“Cuir ceist ar na brandaí, ar na daoine agus ar na smaointe lena mbíonn tú ag tacú. Tá sé de cheart agat trédhearcacht a fháil uathu.”
Tá bealach fada le dul áfach sula nglantar fadhbanna na hearnála go hiomlán agus chuige sin tá muintir Fashion Revolution ag iarraidh ar dhaoine an cheist #CéARinneMoChuidÉadaigh? (#WhoMadeMyClothes?) a chur ar na siopaí ina gceannaíonn siad a bhfaisean.
Ar fhiafraigh tú an rud céanna díot féin riamh?
Chun feasacht a ardú faoin ábhar tá sraith imeachtaí ag tarlú ar fud an domhain le linn na seachtaine seo agus tá liosta na n-ócáidí a bheas ar siúl in Éirinn le fáil ar shuíomh Re-Dress anseo.
Cuir an cheist, agus cuidigh leis na réabhlóidithe faisin seo earnáil níos cothroime éadaí a chur chun cinn.