Conas do smideadh a dhéanamh…
Rabhadh: Treoracha scigiúla iad seo!

Tá sé feicthe againn ar fad.

Smideadh carntha ar aghaidh ghalánta.

Nach bhfuil sé, eh, go hálainn?

Níl aon rud níos ansa le roinnt cailíní ná a gcraiceann aoibhinn féin a chlúdach le hábhar éigin anaithnid ionas nach mbeidh daoine in ann breathnú ar a n-áilleacht tharraingteach nádúrtha.

Tá sé iomlán… Níl a fhios againn go díreach ach tá sé iomlán rud éigin.

Má thaitníonn an stíl ar leith seo leat mar sin, seo físeán duit.

Tá treoracha smididh curtha le chéile ag an Nósadóir Katie Hamilton agus níl le déanamh agat ach iad a leanúint chun an íomhá spéisiúil seo a chruthú.

Ádh mór oraibh! 😛