‘Creidim fós go dtiocfaidh mé ar na bróga cearta a dhear sióg dhraíochta dom lá éigin…’

Dá mbeinnse i mo charachtar i scéal sí, ní i mo bhanphrionsa a bheinn ar chor ar bith. Is mó i bhfad mo chosúlacht le leasdeirfiúracha gránna Luaithríona ná le haon bhanphrionsa dár airigh mise caint orthu. Tá a fhios agaibh iad, na cailíní a dhéanann chuile iarracht na bróga áille gloine a tharraingt orthu féin, é ag cinnt orthu, fuil ag sileadh amach as na bróga agus allas ar a ngrua – agus a fhios ag an domhan mór go bhfuil na bróga i bhfad róbheag dóibh. 

Nach ndearna an tsíog dhraíochta cinnte a rá nach bhfeilfidh na bróga sin do dhuine ar bith ach do Luaithríona? Sleamhnaíonn na bróga ar Luaithríona, gan dua ná deacracht, amhail is go bhfuil sé chomh simplí leis sin, a fhad is atá na deirfiúracha gránna réidh leis na ladhracha a ghearradh díobh féin le bheith in ann na cosa a shacadh síos sna bróga. 

Is mar sin a airímse chuile uair beo a cheannaím péire bróg. B’fhéidir go bhfuil siad díreach ceart do dhuine éigin eile, ach ní domsa a dearadh na bróga – cuma cé na bróga iad. Tagann fuarallas liom nuair a bhíonn orm bróga nua a cheannacht. Cuma céard a dhéanaim, cé méid bróg a thriallaim orm, cé méid uair a shiúlaim timpeall an tsiopa, cuma mé asam féin nó le comhluadar, níl mé in ann bróga a cheannacht. Beidh siad róbheag nó rómhór, mo chos ag sleamhnú amach astu, ag gearradh mo choise agus mo chois ag casadh air féin thíos i dtóin na mbróg. 

Cuirim an dallamullóg orm féin – deirim liom féin go bhfuil siad díreach ceart nó go ndéanfaidh siad cúis. Beidh siad níos compordaí nuair a bheas siad briste isteach agam.

Bróga ceannaithe, lán laidhre íoctha orthu, níl siad orm deich nóiméad sula bhfuil mé féin réidh le tabhairt faoi mo chosa le sceana. É sin, nó tádar briste, poll iontu, stróicthe agus millte cheana féin. Ní hamháin sin, ach na bróga a chaith mé dhá uair an chloig á ngrinnscrúdú agus á dtomhais, tá an ghráin anois agam ar an gcuma atá orthu. 

An t-aon phéire bróg nach raibh an fhadhb seo riamh agam leo ná na Docs a fuair mé don Nollaig dhá bhliain ó shin. Ach an Nollaig seo caite chaith mé orm iad agus stocaí tiubha orm agus dá mbeadh breith ar m’aiféala agam ní dhéanfainn do deo arís é, mar ní hiad na bróga céanna iad ó shin i leith. 

Tá cúpla péire bróg ceannaithe ón samhradh agam, agus is ag dul in olcas atá an scéal. Creidim fós go dtiocfaidh mé ar na bróga cearta, bróga gloine deartha do mo chosa bochta, deartha ag síog dhraíochta éicint a raibh trua aici dom. Go dtarlaíonn sé sin, beidh mé ag caitheamh bróg i ndiaidh bróg agus cuirfidh mé i bhfolach i mbosca na mbróg gan mhaith iad, ag cruinniú liom. 

Ní choinneoidh Carrie Bradshaw coinneal liom. 

SCÉALTA EILE