Cúig shiopa iontacha Éireannacha ar Depop

Agus níos mó daoine ag iompú ó chuideachtaí faisean gasta mar Pretty Little Thing, Boohoo agus Missguided, agus ag tosú ag éirí níos feasaí faoin áit a ndéanann siad an tsiopadóireacht agus cá as a dtagann a gcuid éadaí, tá tóir níos mó ar an tsiopadóireacht athláimhe agus ar ‘thrifting’. Seo a leanas mo chuid moltaí maidir leis na siopaí Éireannacha is fearr don tsiopadóireacht inbhuanaithe. 

Faisean na 90idí agus na 00idí

https://www.instagram.com/p/CBf0-YAhYXI/

Sugar and Spice Vintage: Roghnaíonn Sugar and Spice píosaí seanré ó na 90idí agus na 00idí ó shiopaí carthanais ar fud Bhaile Átha Cliath. Cuimsíonn a raon Nike, Puma, Diesel agus Calvin Klein an tseanré, chomh maith le píosaí atá saincheaptha agus paistí i stíl na 90s orthu nó a ceanglaíodh agus a dathaíodh. Bíonn réimse seanéadaí ar baineadh casadh nua astu acu i gcónaí, chomh maith le málaí agus seodra. Tá siad gníomhach ar Depop agus ar a leathanach Instagram.

Éadaí spóirt

https://www.instagram.com/p/CBYNGMVhftP/

Sour Power Fashion: Déanann siad speisialtóireacht ar éadaí athoibrithe spóirt, ag iompú rudaí cosúil le cultacha spóirt agus t-léinte ina mbairr ghiortacha agus ina bhfeistis dhá phíosa. I measc cuid de na brandaí a d’athoibrigh siad tá Fila, Nike agus Adidas. Tá na píosaí athoibrithe atá ar fáil uathu le feiceáil ar Instagram. Ar Depop, áfach, tá siad anois dírithe ar mhaisc aghaidhe a dhéanamh agus lúbáin a mheaitseáil i réimse fabraicí éagsúla.

Fáinní cluaise lámhdhéanta

Peach and Punch: Ní dhíolann an siopa seo ach fáinní lámhdhéanta cluaise atá ar fáil i réimse leathan stíleanna spraíúla. Ar a siopa Depop tá mealbhacáin uisce, milseáin, silíní agus oráistí, chomh maith le roinnt stíleanna atá níos neamhghnáiche ar nós uibheacha, fiacla agus froganna. Seolfaidh siad a n-earraí ar fud an domhain agus glacann siad le hobair choimisiúnaithe le haghaidh fáinní pearsantaithe cluaise.

Earraí uathúla

https://www.instagram.com/p/CCn4WM2gZYO/

Missmatch: Tá a gcuid earraí go léir lámhdhéanta, agus iad ag cruthú rudaí cosúil le bairr, scaifeanna, bandaí cinn agus fiú málaí as raon ollmhór fabraicí éagsúla. Déantar na míreanna go léir de réir mar a ordaítear iad ionas go mbeidh do phíosa-sa uathúil i gcónaí! Is féidir leat ordú a dhéanamh trí Depop nó Instagram.

Praghais ísle 

https://www.instagram.com/p/CCjN-Eql9kg/

Luda Vintage: Is féidir go mbíonn siopadóireacht seanré agus athláimhe a bheith níos costasaí de réir mar a bhíonn tóir uirthi, ach tá beagnach gach rud ar Luda Vintage faoi bhun €20. Tá réimse leathan earraí i réimse leathan stíleanna acu, mar shampla t-léinte, sciortaí, seaicéid, spéaclaí gréine agus málaí. Tá rud éigin ar an siopa seo do gach duine – ní chloíonn sé le stíl nó seánra faisin amháin.