Cad é an ball éadaigh is fearr leat i do vardrús? Geansaí ildaite seanré, b’fhéidir, nó péire deas Doc Martens, nó cóta costasach ar choigil tú do chuid airgid uilig ar feadh na míonna fána choinne. Cibé rud é, tá mé nach mór cinnte nach bhfuil tú ag smaoineamh ar bharr a cheannaigh tú ar €3.50 ar shuíomh mearfhaisin ar líne.
Is breá liom a bheith ag brabhsáil ar líne cosúil le duine ar bith eile atá ar aon aois liomsa, agus is minic a úsáidim é mar bhealach le mo scíth a ligint ag deireadh lá fada.
Bíonn dúil mhór agam sna rudaí a bhíonn ag treochtáil ar TikTok agus a leithéid agus bainim an-sult as feistis a phleanáil agus a chur le chéile d’imeachtaí móra. Tá rud amháin a chuireann isteach orm níos mó ná rud ar bith eile, áfach, agus is é sin daoine ag caitheamh na gcéadta euro go minic ar an iliomad baill éadaigh nach mbeidh ‘i bhfaisean’ a thuilleadh faoin am a mbeidh siad tagtha ón tSín trí seachtaine ina dhiaidh sin.
Déanann siad seo arís agus arís eile i rith na bliana, cúpla uair gach séasúr fiú, rud a chiallaíonn go mbíonn a vardrús ar tí pléascadh agus go mbíonn a lán éadaí acu nach gcaitheann siad ach uair amháin. Sna láithreáin líonta talún a chríochnaíonn an t-éadach seo ar deireadh agus déanann sé seo léirscrios ar an timpeallacht.
Tagann na brandaí mearfhaisin i dtír ar dhaoine óga go minic, go háirithe ar laethanta ar nós Aoine Mhór na Siopadóireachta. Bhí sladmhargadh ag an mhórchomhlacht faisin PrettyLittleThing ar an lá seo anuraidh ina raibh siopadóirí in ann lascaine suas le 99% a fháil agus éadaí a cheannach ar phraghas thar a bheith íseal, uaireanta níos saoire ná 10c. I ndáiríre, an mbeidh tú in ann na rudaí seo a chaitheamh an t-am seo an bhliain seo chugainn? An t-am seo an tseachtain seo chugainn fiú?
Smaoiním siar ar phéire bríste géine Levi’s a thriail mé orm cúpla bliain ó shin. Bhí dath galánta orthu agus ba léir go raibh siad déanta de dheinim dheas bhog, i bhfad níos deise ná péire ar bith eile a bhí agam. Bhí mé i mo mhac léinn ag an am, áfach, agus shocraigh mé go raibh siad i bhfad ródhaor. €120 ar phéire bríste géine! Dia ár sábháil! D’fhág mé i mo dhiaidh iad an lá sin cé go raibh mo chroí istigh iontu agus gur chuimhnigh mé orthu go minic. Is dóigh gur chaith mé an €120 sin ar phiontaí i rith na bliana sin, atá i bhfad níos tábhachtaí ná bríste géine, bíodh a fhios agat.
Níl saoi gan locht, agus caithfidh mé a rá go ndeachaigh mé ag cuardach ar na siopaí mearfhaisin ar líne agus mé ag iarraidh teacht ar rogha níos saoire. An ceann ba shuntasaí de na roghanna saora seo ná péire a stróiceadh ar mo thóin ar champas na hollscoile lá amháin. Chuaigh mé abhaile an lá sin ní hamháin le poll i mo chuid jíons ach le cinneadh déanta agam faoi dheireadh. Shocraigh mé go raibh mé ag dul a cheannach na Levi’s céanna. Iontas na n-iontas!
Crá croí ceart a bhí ann i ndáiríre, mar faoin am a raibh lear mór péirí níos saoire ceannaithe agam ó ASOS, Boohoo, Topshop agus a leithéid, ag iarraidh teacht ar phéire a bhí chomh deas leis an phéire Levi’s a thriail mé orm cúpla mí roimhe sin, thiocfadh liom dhá phéire Levi’s a cheannach.
Níl mé a rá go mbeidh gach duine in ann na céadta euro a chaitheamh ar bhaill éadaigh d’ardchaighdeán, ach is fiú seasamh siar agus do chuid ama a ghlacadh sula gcaitheann tú suim mhór airgid ar na céadta píosaí nach mairfeadh lá gaofar i nGaillimh. Tá sé i bhfad níos fearr ball maith amháin a bheith agat a bhfuil do chroí istigh ann agus a chaithfidh tú arís agus arís eile ná cúig bhall a cheannaigh tú le hiarracht a dhéanamh teacht ar rud atá chomh deas leis an rud ba mhaith leat i ndáiríre (mar a rinne mise).
Tóg do chuid ama, smaoinigh sula gceannaíonn tú agus fan tamall eile chun beagán níos mó airgid a chur i dtaisce don bhall sin atá ar chaighdeán níos airde. Is fiú go mór i gcónaí é.