Tá sé deacair tú féin a spreagadh i ndiaidh an tsamhraidh le rud ar bith a dhéanamh gan trácht ar bheith ag aclaíocht arís!
Rud amháin a chuidíonn liomsa ná éadaí úra spóirt a cheannach.
Sin ráite, ní gá duit bheith ag dul go dtí an lúthlann le héadaí spóirt a chaitheamh – is minic a bhíonn muid ag caitheamh ár luiteog spóirt ar ghnáthlá.
Ní féidir compord a bhualadh.
Seo thíos bailiúcháin éagsúla d’éadaí spóirt mar sin a bheadh fóirsteanach d’aclaíocht ach atá faiseanta go leor le caitheamh gach lá chomh maith.
ADIDAS – Stella McCartney
Tá an dearthóir aitheanta Stella Mc Cartney ag obair le hADIDAS ó 2012 nuair a dhear sí an feisteas oifigiúil d’fhoireann na Breataine do na Cluichí Oilimpeacha i Londain.
Agus as sin i leith, tá bailiúchán i ndiaidh bailiúcháin á dhearadh aici don chomhlacht spóirt.
Más éadaí spóirt ar leith atá uait, is é seo an bailiúchán duitse.
Is breá liomsa na dathanna geala sna héadaí seo thíos – níl muid réidh don gheimreadh go fóill!
Níl na héadaí sa bhailiúchán saor – ach tá bronntanas tuillte agat i ndiaidh duit an obair chrua sin a dhéanamh sa ghiom 😉
Riteoga ióga – €89.95
Bríste gearr priontáilte – €74.95
PUMA – Fenty
Nuair a chluineann muid ‘Rihanna’ agus ‘éadaí’ in aon abairt amháin tá a fhios againn go bhfuil rud éigin speisialta ar siúl.
Tá stíl ar leith ag Rihanna agus tá sé sin le sonrú ina bailiúchán le PUMA.
Is deacair teacht ar phíosa áirithe den bhailiúchán mar go mbíonn an oiread sin éilimh orthu – cuimhnigh ar na sleamhnóirí clúimhíneacha sin a bhí ag gach blagálaí anuraidh.
D’éirigh liom dhá bharr a aismsiú atá sa saor-reic faoi láthair– go anois go gasta!
Barr gan mhuinchillí – €42.50, síos ó €85.00
Póló giortaithe – €70.00, síos ó €140.00
PUMA – Sophia Webster
Tá clú agus cáil ar Sophia Webster as a cuid bróg agus ní iontas ar bith é go seasann na brógaí s’aici amach ina bailiúchán le PUMA.
Tá an bailiúchán seo úrnua agus é ar an fhód le mí anuas.
Is breá liom na sleamhnóirí atá deartha aici – tá na dathanna foirfe don am seo bliana.
Agus is cinnte go seasfaidh tú amach sa lúthlann leis na bróga reatha seo.
Cuaráin – £55
Bróga reathaí – £110